'Gearradh siar'

Is beag duine ar mór leis an teanga a bhíonn ag iarraidh na focail 'Gaeilge' agus 'gearradh siar' a chluinstin in aon abairt …

Is beag duine ar mór leis an teanga a bhíonn ag iarraidh na focail 'Gaeilge' agus 'gearradh siar' a chluinstin in aon abairt amháin. Dá mbeifeá i muinín na gcinnlínte Béarla, shílfeá go raibh ár le déanamh ar an Ghaeilge sna bunscoileanna agus gearradh siar 30 faoin gcéad ar a teagasc.

Ní hionann ar fad an fhírinne agus béim phráinneach na gcinnlínte.

Faoi na treoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, caithfidh gach scoil ceithre huaire ag teagasc i máthairtheanga na scoile agus trí huaire go leith ag teagasc an dara teanga gach seachtain. Mar sin, i mbunscoil Bhéarla, beidh ceithre huaire ag dul don Bhéarla agus trí huaire go leith don Ghaeilge. A mhalairt a bheidh ar siúl i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta.

Molann an Roinn trí huaire a chaitheamh le hábhair mhóra eile - mata, ealaín agus eolaíocht. Beidh cúpla uair an chloig eile le caitheamh ar chorpoiliúint agus ábhair eile. Beidh dhá uair sa bhreis faoi dhiscréid an mhúinteora.

READ MORE

D'fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh an siollabas nua agus d'iarr ar an Roinn "na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun é a fheidhmiú mar is ceart ar leas daltaí ... Is cúis sásaimh don Chonradh dá réir nach bhfuil bearna fealsúnachta oideachais a thuilleadh idir siollabas Gaeilge na bunscoile agus an chuid eile den churaclam bunscoile ... go bhfuil leanúnachas soiléir anois idir cur chuige na bunscoile agus na hiar-bhunscoile; den chéad uair, go bhfuil idirdhealuithe ábhair aitheanta do dhaltaí ó chúlra éagsúla Gaeilge; agus go moltar leas a bhaint as an nGaeilge tríd an gCuraclam agus ní sna huaireanta teagaisc an ábhair amháin".

De réir urlabhraí Roinne "tweaking" a bhí ar siúl, athrangú uaireanta le spás a chruthú do gach ábhar.

Ní hionann sin agus a rá nach mbeidh cuid de lucht na Gaeilge amhrasach faoin athrú. Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheidh ag an bhriseadh sin idir comhchéim na dteangacha.

Ní beag an méid teagaisc é trí huaire go leith i nGaeilge ach is beag is fiú an teagasc ann féin. An dúshlán atá roimh na heagrais tairbhe taobh amuigh a bhaint as an teagasc taobh istigh.

Bhí rud spéisiúil amháin eile faoin athrú cláir. Ní raibh duine ar bith le cluinstin ag déanamh gearáin faoi 'eolaíocht éigeantach'.

Cad chuige sin, do bharúil?