Gan fhios

Léiríonn bunscoileanna an dóigh le feabhas a chur ar otharlanna

Tá an chuma air nach bhfuil a fhios ag aon duine conas an córas sláinte a chur ina cheart.

Is cinnte nach bhfuil a fhios agamsa ach an oiread leis na saineolaithe a leithríonn ó chéile chomh mór leis an eilifint sa seomra agus an sniodh sa bhríste.

Ina choinne sin thall, agus ar ais, tá intinn mós simplí agam. Dá réir sin, ós ní é go bhfuilimid ar cheann de na stáit, go deimhin, na tíortha is saibhre ar domhan tuigtear dom go mbaineann an réiteach linn féin seachas leis na geallghlacadóirí ramhra a stiúrann an saol.

Má tá tíortha is boichte go mór ná sinn amuigh ar imeall ár súl a bhfuil córas sláinte níos éifeachtaí acu ná mar atá againne, tá ceisteanna againn le freagairt.

READ MORE

Ós rud é nach mbaineann sé le heaspa airgid stáit, conas is féidir leis na stáit eile é a dhéanamh agus go bhfuil ag teip orainne?

Agus má bhaineann sé le dáileadh na n-acmhainní, cé tá ag fáil na míreanna móra, agus cé tá in áit na leathcheinte thíos?

Ba cheart, gan amhras, féachaint ar na tíortha sin a bhfuil go leor de na deacraí seo réitithe acu, a gcuid scéimeanna a mheas, a gcuid taithí a ghoid, agus cóipeáil neamhleithscéalach a dhéanamh orthu.

Táim cinnte go gcloisim an gheonaíl cheana féin, agus clangaireacht an airgid ag titim sna bainc i bhfad i gcéin.

Ach tá múnlaí ar fáil níos gaire don bhaile.

Cad iad na córais riachtanacha atá againn atá ag obair go binn? An Cumann Lúithchleas Gael, gan amhras, bíodh is go n-áiteofaí nach bhfuil riachtanas leis, rud nach fíor.

An Bhriogáid Dóiteáin, ach ní thagann amach seachas i gcás éigeandála.

Formhór an Gharda Síochána, fág go bhfuil cnoic agus mangartain le sárú acu fós.

Cad mar gheall ar an gcóras bunscolaíochta?

Ní hé nach bhfuil fadhbanna móra agam leis an mbarbaracht atá imeartha ar oilúint mhúinteoirí, ach is beag duine adéarfadh nár oibrigh an córas go seoigh do mhórchuid an phobail bunús an ama go ginearálta trí chéile.

Is é sin, dhein an córas an rud ar cuireadh an córas ann dó, léamh agus scríobh agus áireamh agus eolas leathan éigin inláimhsithe a chur ar fáil don phobal.

An bhfuil aon chóras eile a bhí chomh héiritheach leis laistigh de na téarmaí a leagadh síos dó? Go deimhin, a chomhlíon na ‘ráitis mhisin’ a maítear a bheith acu?

Ba bheag rud b’amaidí agus ba bhaoithe ná na ráitis mhisin chéanna nuair a bhí an maorlathas in airde láin le linn don tíogar dul i raimhre, agus nuair a bhí lucht scríte meamraim agus lucht líonta comhad díomhaoin go maith de cheal aon rud le déanamh.

An mó príomhfheidhmeannach a chaill a phost de dheasca gan ráiteas misin a chomhlíonadh?; an mó ardrúnaí saghas ginearálta a fuair buillí ar chnámh an ailt toisc nár cuireadh aidhmeanna an ráitis mhisin i gcrích?; an mó giolla thíos a fuair bata agus bóthar mar nach raibh dílis do chreideamh diongbháilte ráiteas misin a roinne nó a ranna?

Thug na hArabaigh an uimhir náid nó nialas nó neamhní dúinn, agus a gcúis acu.

Ach is múnla é an córas bunscolaíochta do chórais an Stáit trí chéile.

Is é sin le rá, earcaítear daoine maithe, cuirtear oiliúint orthu, tugtar obair chinnte dóibh, déantar maoirseacht orthu, íoctar go réasúnta iad, tuilleann meas dá réir.

Cad ina thaobh nach féidir sin a iomadú ar fud gach córais stáit riachtanaigh atá againn?

Cad é mar mhúnla simplí intuigthe soláimhsithe é sin do dhochtúirí (go háirithe), do lucht dlí (go ró-áirithe) agus mar sin siar síos?