Gaeilge le feidhm

Cuirfidh Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tús le dioplóma sa Ghaeilge fheidhmeach i Meán Fómhair…

Cuirfidh Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tús le dioplóma sa Ghaeilge fheidhmeach i Meán Fómhair na bliana seo.

Tá an cúrsa dírithe ar an phobal, ar mhúinteoirí agus ar dhaoine sa tseirbhís phoiblí ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Is iad na réimsí cúrsa: scileanna teanga; an Ghaeilge sa saol comhaimseartha; cultúr agus oidhreacht agus litríocht. Ní mór clárú faoin Aoine, 4ú Iúil.

Eolas: 01-7162860 nó oifigeach.gaeilge@ucd.ie