Gaeilge ar an BBC!

An rud is annamh... craolfaidh BBC Thuaisceart Éireann an chéad eagrán i sraith nua teilifíse, Gaelic Passions, oíche Dhomhnaigh…

An rud is annamh ... craolfaidh BBC Thuaisceart Éireann an chéad eagrán i sraith nua teilifíse, Gaelic Passions, oíche Dhomhnaigh ag 10.30 p.m. ar BBC 2.

Tá an tsraith dhátheangach bunaithe ar imeachtaí Dhroichead an Airgid, CLG, cumann atá lonnaithe i gContae Ard Mhacha.

Dúirt léiritheoir an chláir Antaine Ó Donnaile gur mó ná imeachtaí peile a bheadh i gceist leis na ceithre chlár; thabharfaí léargas ar shaol phobal tuaithe agus ar ról an chumainn sa cheantar.