Gá le reachtaíocht éifeachtach teanga anois – an Coimisinéir Teanga

Deis nach dtiocfaidh go ceann tamaill eile, de réir Uí Dhomhnaill

Dúirt An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh seans ann nach dtiocfadh an deis go ceann deich mbliana eile cosaint mar ba cheart a thabhairt don Ghaeltacht i bpríomhreachtaíocht teanga an Stáit mura ndéanfaí anois é.

Agus é ag ag tabhairt léachta ag Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí, anocht ar an téama “Deich mbliana de reachtaíocht teanga: súil siar, súil chun cinn,” dúirt sé go gcaithfí an deis a thapú, agus Bille Leasuithe na dTeangacha Oifigiúla á dhréachtú faoi láthair, foráil dhíreach bheith ann a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oibrithe an Stáit a bhíonn lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

“Gníomh suntasach” a bheadh ina leithéid de reachtaíocht agus gníomh a leagfadh síos “prionsabal soiléir”, a dúirt sé: “Chuideodh dualgas soiléir reachtúil den chineál seo le cultúr a bhuanú sa Státchóras go gcaithfear aird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a gcuirtear seirbhísí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir seo a dhéanamh sa reachtaíocht féin seachas mar chuid d’aon scéim teanga. Mura dtugtar faoi seo anois d’fhéadfadh deich mbliana eile bheith caite sula mbreathnófaí ar an gceist seo arís. Go simplí níl an t-am sin againn.”

Chuir sé béim fosta ar chúrsaí oideachais, á rá go raibh sé i gceist aige díriú ar chúrsaí oideachais le linn a thréimhse mar Choimisinéir Teanga.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times