Foinse x 210,000

Dáileadh 210,000 cóip den nuachtán seachtainiúil, Foinse, leis an Irish Times agus an Irish News Dé Luain; is é an dáileadh is…

Dáileadh 210,000 cóip den nuachtán seachtainiúil, Foinse, leis an Irish Times agus an Irish News Dé Luain; is é an dáileadh is mó a rinneadh ar nuachtán Gaeilge riamh é.

Lena chois sin, thosaigh an Irish News, a fhoilsiú leathanach iomlán i nGaeilge ón Luan go dtí an Aoine an tseachtain seo caite.

Is mar chuid de straitéis nua margaíochta a rinneadh an scaipeadh, a dúirt eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí: "Táimid aitheanta mar pháipéar le caighdeán ard iriseoireachta agus is mian linn cúrsaí margaíochta a fheabhsú agus tuilleadh léitheoirí a mhealladh."

Ba é cuspóir na straitéise an nuachtán a chur os comhair an phobail agus níos mó eolais a thabhairt dóibh faoi. Bheadh sé ag déanamh staidéir ar na figiúirí díolacháin as seo go ceann míosa féacháil cén toradh a bhí ar an scaipeadh agus é a mheas go cruinn.

READ MORE

Tá socrú níos fadtéarmaí déanta ag Foinse leis an Irish News; foilseofar leathanach de rogha scéalta Foinse ar an nuachtán Feirsteach gach aon Mháirt. Dúirt Ó Gairbhí go raibh an "freastal uile-oileánda tábhachtach" acu agus go raibh siad chun an caidreamh leis an Irish News a chothú.

Ó thaobh an Irish News féin, is dul chun cinn suntasach é go bhfuil leathanach Gaeilge ann ón Luan go dtí an Aoine. Go dtí seo, aon leathanach amháin a bhíodh ann.

Níl an rath céanna ar gach gné den iriseoireacht Ghaeilge, áfach. Tá Lá i ndiaidh gearradh siar a dhéanamh ar na laethanta a fhoilsítear an nuachtán. Ní fhoilseoidh siad eagrán ar bith Dé hAoine go ceann trí mhí. Chaill an nuachtán £140,00 (€210,600) anuraidh agus d'fhéadfaí fiacha £100,000 (€144,000) bheith air i mbliana.

Nuair a athsheoladh Lá ar bhonn laethúil in Aibreán 2003, ba é dóchas an pháipéir 8,000 cóip a dhíol gach lá - 4,000 ar phraghas iomlán agus 4,000 ar an mhórchóir, is é sin, ar lacáiste - ach níor baineadh ceachtar den dá sprioc sin amach.

De réir Dhaonáireamh Thuaisceart Éireann, thug 167,490 duine le fios go raibh eolas inteacht ar an Ghaeilge acu; agus thug 75,125 duine le fios go raibh léamh, labhairt, scríobh agus tuigse na Gaeilge acu. Beidh an Irish News agus Foinse ag dréim gur fearr a éireoidh lena gcuid iarrachtaí féin sa ghort.