Foilsitheoirí ar lorg eagarthóra chúnta

Tá An Timire agus Foilseacháin Ábhair Spioradálta ar lorg duine le post páirtaimseartha mar Eagarthóir Cúnta a líonadh. Foilsítear an tréimhseachán Timire an Chroí Ró-Naofa go ráithiúil agus foilsíonn Foilseacháin Ábhair Spioradálta trí leabhar gach aon bhliain.

Tá an comhlacht ar lorg duine le hardchaighdeán Gaeilge; taithí nó tuiscint ar chúrsaí foilsitheoireachta; comhbhá leis an Chríostaíocht agus Éacúiméineachas; taithí nó tuiscint ar chóras ríomhaireachta; cumas plé le baill coistí agus le daoine atá i gcomhpháirtíocht le FÁS agus leis An Timire.

Ba mhaith fosta dá mbíodh cáilíocht tríú leibhéal i réimse ábharach mar aon le taithí riaracháinagus tuiscint ar chúrsaí margaíochta.

Faoin chomhlacht agus an duine féin a bheidh sé tuarastal a shocrú agus conradh do thréimhse sheasta atá i gceist.

READ MORE

Iarrtar ar dhuine ar bith a mbeadh spéis acu san obair litir iarratais agus CV a chur faoi bhráid An Athar Frainc Mac Brádaigh, SJ, faoin Aoine 3ú Meitheamh. Eolas: fmacb@hotmail.com