Flop Manach

IS IOMAÍ sin eachtra a tharla i stair na hÉireann a chuirfeadh dólás ort – scrios na hArmáide; cath Chionn tSáile; briseadh na…

IS IOMAÍ sin eachtra a tharla i stair na hÉireann a chuirfeadh dólás ort – scrios na hArmáide; cath Chionn tSáile; briseadh na Bóinne; leathnú an Bhéarla; Boyzone...

Ach ar shamhlaigh duine ar bith gur in olcas a rachadh cúrsaí an tseachtain seo i ndiaidh go bhfuair Londain an lámh in uachtar ar pheileadóirí Fhear Manach sa tsraith uile-Éireann, an chéad bhua ag lucht Londan le 34 bliain?

Imirice as Fear Manach míniú amháin a thug tráchtairí ar an scéal. Tá oiread clubanna peile in ardchathair na Breataine agus atá sa chontae lán lochanna.

Mo léan géar, cá ndeachaigh na fir? Go Londain, is cosúil.