Fiantas na cathrach ildaite

Beocheist: Níor chíréib í ach ní féidir botún a dhéanamh sa chathair nó tugann an chathair cic go dtí an talamh thar n-ais duit…

Beocheist: Níor chíréib í ach ní féidir botún a dhéanamh sa chathair nó tugann an chathair cic go dtí an talamh thar n-ais duit mar phionós.

Ag siúl thar n-ais go dtí seastán na rothar bhíos im dhomhan féinigh, Kate Bush ag canadh go glórmhar im chluais ag rith suas na cnoic ag impí ar Heathcliff í a ligean isteach.

Shroicheas an seastán agus bhuail sé mé. Cá raibh an rothar? Ó, a Thiarna! Goideadh é. Scaoileas scata mallachtaí uaim ar na gadaithe bradacha lofa a ghoid mo rothar. Níor fágadh ach an glas, bhuel an píosa a bhí fágtha den ghlas tar éis dóibh a ghearradh tríd. An t-aon mhodh taistil a bhí agam sa chathair seo, de mhilliún go leith daoine, imithe.

Thosnaíos ag cuimhneamh. Ní thógann éinne aird ar do phian sa chathair. Ar phian daoine eile, idir aosta agus óg timpeall na sráide, ag lorg déirce, ag lorg airgid. Lucht na gcarthanachtaí ag crá mhuintir na cathrach i gcóir cúpla euro dos na leanaí san Afraic, daoine gan dídean, an tragóid is déanaí i... pé áit. Sinne an ghlúin a chum an nath cainte "donor fatigue".

READ MORE

An iomarca carthanachtaí maithe agus gan go leor daoine cineálta gur cuma leo. Tá sé deacair greim a choiméad ar na rudaí simplí sa saol.

Daoine ag siúl díreach thar fear ina chodladh sa tsráid, nuachtáin mar bhlaincéadaí aige, isteach go BT, nó BT2 b'fhéidir chun ualach mór stuif a cheannach. Tá sé éasca bheith ag caint ach b'shin mar atá sé sa chathair.

Freisin tá filíocht nua-aimseartha le feiscint ar shráideanna chathair mhór, an méid dathanna, ciníocha, creideamh agus náisiúnachtaí difriúla gur pictiúr de shaghas atá ann, pictiúr a bhíonn ag bogadh agus ag gluaiseacht.

Ar nós pictiúir ar bhalla, bíonn ualach mór dathanna ag sníomh isteach agus amach óna chéile ar phríomhshráid aon chathrach, ar nós na ndaoine éagsúla atá ag sníomh isteach agus amach, iad ar fad ag dul go dtí na cruinnithe agus cinnithe féinigh.

I slí amháin is tír inti fhéinig í cathair. Gearrtha amach, neamhspleách ar nós aon tír eile, lena gcuid nuachtán, córas taisteal, daonra.

(Cén fáth go nglaonn siad "The People's Republic of Cork" air?)

Is áit é cathair ina bhfaightear gach gné den saol, gach mothúchán, ó bhrón go háthas; áit gur féidir bacaigh agus polaiteoirí bheith ag siúl ar an tsráid chéanna. Daoine thuas seal agus thíos seal. Tá áthas agus spleodar an tsaoil le braistint agus le haimsiú in éagsúlacht cathrach.

Agus an chuid is mó den am (seachas nuair a ghoidtear rothar liom) cuireann sé gliondar ar mo chroí. Téann an chathair ábhairín craiceáilte agus imíonn daoine ábhairín fiáin anois agus arís. Is iad na mná is measa.

Uaireanta i siopaí, nuair atá sladmhargadh ar siúl agus leis an gceol glórmhar sin, athraíonn mná ina gcait dainséaracha má fhaigheann siad boladh deas an "sale".

Is iad siopaí beaga éadaí, nó siopaí dara lámh na háiteanna is measa, níl aon áit le héalú agus is deacair teacht slán uathu, le scata ban istigh ag troid i gcóir sciorta Ralph Lauren atá síos go dtí €25.

Baineadh an lámh díom lá amháin, geall leis, in A-Wear. Mairimid anois i saol na maisiúchán, gan aon substaint taobh thiar de.

Shiúlas abhaile sa bháisteach an lá san. Ní bheadh a fhios agam go brách cé a ghoid mo rothairín deas; ach bhí ceacht foghlamtha agam mar gheall ar an gcathair agus conas a oibríonn a cúrsaí.

Tá na mílte daoine ag maireachtaint ann agus, uaireanta, bhraithfeá beag bídeach i measc na sluaite. A chúraimí, a phianta agus a thrioblóidí féin ag gach éinne.

Níl aon ní le déanamh ach tú féin a phiocadh suas nuair a leagann an chathair thú; caifear éirí agus d'áit a thógaint arís i measc na sluaite; bheith mar pháirt bheag den bpictiúr mór dathanna a chomhdhéanann cathair.