Fianna Fáil in abar fós

Tá an t-am ag Micheál Martin tabhairt faoi mhachnamh straitéiseach


Is dócha gurb iomaí sin smaointe fánacha a rithfidh trí intinn Mhichíl Martin le linn an tSamhraidh agus é ag glacadh bolgam nó dhó as pionta ag deireadh an lae sa Lifeboat Inn i gCúirt Mhic Shéafraidh, contae Chorcaí, an áit is ansa leis dá chuid laethanta saoire.

Lasmuigh den teach tábhairne seo, geallann na fógraí “Togha Dí” agus “Rogha Bia” – maíomh atá fíor. Laistigh, bíonn ceol agus amhráin ach tugann idir mhuintir na háite agus chuairteoirí spás agus suaimhneas don pholaiteoir.

Tar éis scor na Dála Déardaoin seo caite, úsáidfidh Micheál Martin an t-am luachmhar seo lena chuid batairí a athluchtú tar éis sé mhí chorracha polaitíochta ina raibh an oiread de sheal thíos is a bhí de sheal thuas ag a pháirtí, Fianna Fáil.

Beidh go leor ábhair mhachnaimh dó in imeachtaí na sé mhí sin.

READ MORE

Le linn na tréimhse sin chuaigh Fianna Fáil os comhair na vótóirí ar bhonn náisiúnta don chéad uair ó thubaiste olltoghcháin na bliana 2011. Fuaireadar torthaí measctha, áfach, ainneoin míshástacht mhór leis an Rialtas.

Bhí na torthaí Eorpacha go hainnis agus na torthaí áitiúla measartha. Ní raibh an Feisire Eorpach Brian Crowley ach tamaillín ar ais sa pharlaimint nuair a bhris sé le Fianna Fáil.

Go héifeachtach, mar sin, níor ghnóthaigh an páirtí aon suíochán i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa, i gcomparáid le ceithre cinn d’Fhine Gael agus an líon céanna do Shinn Féin nuair a áirítear an t-oileán go hiomlán.

D’éirigh leis an bpáirtí an líon suíochán is mó a bhaint amach sna toghcháin áitiúla, ainneoin borradh suntasach faoi thacaíocht d’iarrthóirí neamhspleácha. Ach, níos mó ná aon eachtra eile – agus conspóidí Mary Hanafin nó Niall Collins san áireamh– dhearbhaigh an chonspóid faoi cheolchoirmeacha Garth Brooks i bPáirc an Chrócaigh an dúshlán mór athnuachana atá os comhair Mhichíl Martin.

Tháinig saghas taom amaidí ar an gcóras polaitíochta maidir leis na ceolchoirmeacha seo. Bhí rogha le déanamh ag Fianna Fáil ach rinne siad an cinneadh mícheart agus léim siad isteach i gceartlár na raiméise.

Níl aon chóras ná seirbhís phoiblí foirfe, ach ba é an rogha dheacair a bhí le déanamh acu ná a thuiscint gurbh é a bhí mar bhunús na conspóide ná cinneadh rialtóra neamhspleáigh, a deineadh de réir an dlí agus i gcomhréir le cinneadh ón mBord Pleanála.

Ach, níos gaiste ná bradán ag filleadh ar a áit sceite, ghlac Fianna Fáil go neamhiomrallach leis an rogha bhog ghearrthéarmach ach é a bheith duaithnithe mar bhuairt faoi thátail eacnamaíochta.

D’fhoilsigh siad Bille le cumhacht a thabhairt don Aire cuí cinneadh an rialtóra a chealú. Rialtóireacht éadrom arís, d’fhéadfaí a rá.

Chuir Fianna Fáil am Oireachtais amú ag iarraidh cinneadh do-athraithe a athrú.

Mar is iondúil, lean Sinn Féin an chonair phobalach. Dá bharr sin, chaill Fianna Fáil deis le hidirdhealú sonrach a dhéanamh eatarthu féin agus an páirtí eile.

Níos measa ná sin, chaith siad uathu deis shuntasach lena dhearbhú do chách go raibh ceachtanna foghlamtha acu óna gcuid geáitsí in oifig thar na blianta 2002 go 2008, ach go háirithe. Ach roghnaigh siad an pobalachas thar phrionsabal.

Ardaíonn eachtra Brooks ceisteanna faoi cé chomh domhain is atá Fianna Fáil tiomanta ar bhealach nua agus an bhfuil deireadh curtha acu ní hamháin le cleachtais, ach le meon, bhlianta an Tíogair Cheiltigh.

Dealraíonn sé go dtuigeann Martin féin cad tá de dhíth ach tá amhras ann faoi roinnt díobh siúd ar an mBinse Tosaigh agus ní fios dearcadh na gcomhairleoirí nuathofa fós.

Nuair a fhilleann an Dáil i mí Mheáin Fómhair, beidh a thuilleadh dúshlán agus conspóidí i ndán do Mhicheál Martin agus d’Fhianna Fáil – caibinéad nua le marcáil i gcluiche na polaitíochta, fothoghcháin le troid agus Buiséad 2015 á chur i láthair.

Le bheith cothrom don pháirtí, níl sé furasta tionchar éifeachtach a imirt ar chúrsaí mar pháirtí Freasúra.

Go príomha, ní fheidhmítear ach ó lá go lá mar fhrithghníomh in aghaidh chinní Rialtais. Tá tionchar as cuimse ag an Rialtas ar chlár oibre reatha na meán agus tugann sin buntáiste mór dóibh ó thaobh chlúdach nuachta de.

Tríd is tríd, láimhseálann an Binse Tosaigh gnáthobair an Oireachtais go sásúil ó lá go lá ach tá an baol ann go laghdaíonn an ghníomhaíocht laethúil seo an fócas ar mhachnamh straitéiseach agus ar dhréachtú polasaithe fadtéarmacha.

Seans gur eascair an seasamh gearrbhreathnaitheach faoi Brooks as an nósmhaireacht lochtach seo.

Pé scéal é, nuair a bhlaiseann Micheál Martin braon eile as a phionta Samhraidh, ní thógfaí air bheith ag machnamh ar an gceist, maidir le Fianna Fáil, an bhfuil an ghloine leathfholamh nó leathlán?

Neosfaidh an t-am.