Feile Thorai

Beidh Féile Scannán Muirí Oileán Thoraí le tosú seachtain ón lá inniu agus mairfidh sí cúig lá

Beidh Féile Scannán Muirí Oileán Thoraí le tosú seachtain ón lá inniu agus mairfidh sí cúig lá. Seo an dara bliain don fhéile seo bheith ar siúl istigh i dToraigh, Co Dhún na nGall, agus is é "Laochra Loingseoireachta" téama na bliana seo.

Ocht scannán a taispeánadh anuraidh agus 35 cinn a bheidh le feiceáil i mbliana. Beidh an taiscéalaí mara, Tim Severin, ar ais mar aoi speisialta. Le cois na scannán, beidh ceardlanna agus ócáidí ceoil ar siúl.

Tá bus saor in aisce ó Leitir Ceanainn agus ó aerphort Charraig Fhinne go cé Mhachaire Rabhartaigh do dhuine ar bith atá ag iarraidh freastal ar an fhéile.

Eolas: www.toryfilmfestival.com