Fear nua

CROBHINGNE: TÁ AMHRÁN a bhí coitianta i measc lucht oibre sna Stáit Aontaithe agus i dtús na haoise seo caite a bhfuil John …

CROBHINGNE:TÁ AMHRÁN a bhí coitianta i measc lucht oibre sna Stáit Aontaithe agus i dtús na haoise seo caite a bhfuil John Henry mar ainm de ghnáth air.

Tá leaganacha iomadúla de le fáil ag ceoltóirí agus rabhcánaithe éagsúla a bhfuil Lead Belly, Pete Seeger, Jerry Lee Lewis agus Johnny Cash ar a bhfuaid, gan ach na daoine is túisce a bhuailfidh do chluas a lua.

Baineann le fear a rugadh agus casúr ina láimh aige ach gur chuaigh an saol nua teicniúil lastuas de agus go bhfuarthas go raibh seal an tseanshaoil tugtha.

Chuir an meaisín deireadh leis an gcasúr, dá fheabhas is mar a bhí an duine a bhí á láimhseáil. Fuair John Henry bás agus an casúr sin ina lámh aige go díreach mar a bhí nuair a saolaíodh é.

READ MORE

Is í an deacracht a bhaineann leis an bhfear nua ná go bhfuil fear níos nua fós ag teacht go nua ina dhiaidh. Dá mba gur rugadh John Henry i ré na clochaoise, bheadh sé ar an bhfear is nua dá raibh ann le cúpla ré gheolaíoch anuas. Fear nua ba ea an John Henry eile atá le beannú ag Pápa na súl ndiamhra an deireadh seachtaine seo chugainn, fear nua ina shloinne agus ina smaointe. Fear nua ba ea John Henry Newman ina thréimhse agus ina thuiscint, ach ní léir nach bhfuil gnéithe den saol nua gafa lastuas dó agus go bhfuil sé fágtha le casúr beag ina lámh aige nach scoiltfeadh cnó an díchreidimh, gan trácht ar chloch throm an aineolais.

Tá an Pápa sa Bhreatain ag iarraidh ding bheag a chur san ríocht is frithPhápúla amuigh. Is geall é leis an uan ag luí síos leis an leon, nó le geansaí Celtic a chaitheamh ag cluiche Rangers, nó le bheith ag imirt leadóige le pléascáin. Cheapfá gur chuma nó ceiliúrán ar bith eile ar a sheal é an Pápa sna nuachtáin gharbha, ach tá an bhinb amuigh chuige chomh maith céanna sna nuachtáin is measúla agus is, mar dhea, liobrálaí amuigh. Is beag rud is mó suilt ná an liobrálach thall ag gabháil sna stártha feirge in aghaidh na heaglaise Caitlicí. Baintear 300 bliain de screamh liobrálach anuas an túisce is a fhaightear boladh an Phápa.

Mar ní hionann frithChaitliceachas Shasana agus frithChaitliceachas na hÉireann. Baineann frithChaitliceachas Shasana go dlúth lena bhunreacht neamhscríofa, leis an socrú a déanadh fadó na Pápanaigh a choimeád amach, leis an gciontacht a lean scrios a gcuid léinn réamhrifirméisin, le baol na Spáinne, le héad leis an Iodáil, le ceannairc stuacach na hÉireann, le peileadóirí aneas a bheith níos ealaíonta, le misteachas a thagann as ceo focal na diagachta Rómhánaí, leis an Sasanachas Sasanach sáite ina sainiúlacht istigh.

Is mó a bhaineann frithChaitliceachas na hÉireann le gráin don tseanaigne, lena bheith bréan den tseanreacht, lena bheith buailte ar scoil, le maide an tsagairt cois claí, le hollsmacht deachtóiriúil, le heaspa carthanachta, le hairgead nua, le bráthair nó le siúr nár thaitin leat – bíodh go bhfuil stráice den ghráin sin bunaithe go dlúth ar an ndúil a bhí riamh ag an meánaicme Chaitliceach a bheith chomh measúil leis na Protastúnaigh a bhí in aice leo i dtithe níos galánta fós.

Rud nua ar barra is ea frithChaitliceachas na hÉireann; gabhann frithChaitliceachas Shasana go bun na dúide istigh, agus go smior na smúsach, agus go bior na binbe. Frith- Chaitliceachas na hÉireann is seirbhe fós é i measc daoine nach gcreideann pioc. Ach an fuath is doimhne, bíonn stair fhada i gcónaí laistiar de.

Ní chuirfidh beannú Newman aon mhairg rómhór ar Shasanaigh. Méirleach ba ea é, tar éis an tsaoil, agus b’fhearr dearmad a dhéanamh air muran féidir a shamhail a dhó i dtine chnámh eigin ar thaobh sráide. Is mó an mhairg a chuirfidh sé ar aos iarChaitliceach na hÉireann mar is léiriú cruthanta é gur féidir le Caitliceach saol maith a chaitheamh, gur féidir le sagart a bheith naofa, agus go bhfuil cúlra intleachtúil ag an gcreideamh i leataoibh ó nuachrotha na síceolaíochta, na socheolaíochta is na slabeolaíochta.

Is mó an mhairg a chuirfidh sé ar aos oideachais agus ollscoile chomh maith, mar ní mian leo go meabhrófaí dóibh gur scríobh sé sraith de léachtaí a cuireadh le chéile mar The Idea of a University.

Tá idé sin a chuid ollscolaíochta chomh marbh anois le hArt is leis na hEalaíona iontu, le sneachta na bliana seo caite, le madra na sráide sa díog, le hEochaill sa gheimhreadh, leis an Seanad sa Samhradh, le cúig as a chéile, le greann na heacnamaíochta, le gáire seanbhó, le francach i bpíóg, le pingin chaoch.

B’fhearr le mórán nach ndéanfaí taibhse Newman a mhúscailt, agus ní Sasanaigh amháin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar