Fear na gcaoga teanga

Beocheist: Fear iomráiteach san Eoraip is ea Claude Hagège. Duine de na teangeolaithe is céimiúla sa Fhrainc atá ann

Beocheist: Fear iomráiteach san Eoraip is ea Claude Hagège. Duine de na teangeolaithe is céimiúla sa Fhrainc atá ann. Tá sé de bhua aige gur féidir leis cúrsaí teangeolaíochta a chur in iúl don ghnáthdhuine.

Is i gCartaig na Túinéise a rugadh é nuair a bhí an tír sin á rialú ag an Fhrainc.

D'fhás sé aníos leis an Arabais agus an bhFraincis araon. Ón am sin i leith, tá sé féin cinnte gur staid nádúrtha an duine í bheith dátheangach, ní aonteangach. Ní fear na seacht dteanga atá i Hagège féin, deirtear, ach fear na gcaoga teanga.

Scríobh sé tionscnamh ar an teangeolaíocht faoin teideal L'Homme de paroles, agus níos déanaí d'fhoilsigh sé Halte à la mort des langues! Bíonn sé ag cosaint teangacha mionlaigh ar fud an domhain agus ag labhairt ar son éagsúlacht na dteangacha mar mhórchuid d'oidhreacht an chine daonna.

READ MORE

Thug sé léacht uaidh i dTorino na hIodáile an tseachtain seo caite, áit a raibh Aonach Idirnáisiúnta na Leabhar 2005 ar siúl. Bíonn Hagège conspóideach i gcónaí. An babhta seo rinne sé ionsaí ar na hIodálaigh agus rialtas na hIodáile. Tugann sé "Eoraip na hEorpa" ar an réigiún Meánmhuirí.

Ach níl na hIodálaigh ná a rialtas ag iarraidh a dteanga a chosaint ar an "impiriúlachas teanga Angla-Mheiriceánach". Ba chóir dóibh bheith maraon leis na Francaigh agus a dteanga a chosaint ar fhocail Bhéarla.

Thóg léacht Hagège raic cheart i measc na nIodálach. Dúradh ina éadan nach raibh an Iodáil cosúil leis an Fhrainc, a bhfuil Académie française aici, eagras stáit agus údarás aige chun glaineacht na Fraincise a chaomhnú i measc an phobail. Níl aon údarás dá leithéid san Iodáil. Fiú amháin dá mbeadh, chuirfeadh a leithéid de pholaitíocht teanga Mussolini agus drochbhlianta an Fhaisisteachais i gcuimhne do mhuintir na tíre. Dúradh freisin mar fhreagairt ar Hagège nach raibh aon mhaitheas ann bheith ag cur in aghaidh an Bhéarla. Is féidir na teangacha náisiúnta a chothú, ach beidh an Béarla ann mar theanga idirnáisiúnta agus níl aon dul as anois.

Sa Bhruiséil anois, táthar ag déanamh dearmaid ar an Iodáilis. Mar shampla, ní thionólfar preasagallaimh in Iodáilis go rialta agus ní fhógrófar folúntais phoist bainistíochta as seo amach ach i bhFraincis, i mBéarla, agus i nGearmáinis. Sin teangacha oibre an Aontais Eorpaigh (AE) anois, cé nach bhfuil stádas oifigiúil bainte amach acu mar a leithéid.

Ag an am chéanna, tá na hIodálaigh an-tugtha don Bhéarla anois i gcúrsaí stáit agus riaracháin. An tAire atá freagrach as dílárú an stáit agus féinriail a thabhairt don tuaisceart, tugtar "ministro della devolution" air de ghnáth. An tAire Leasa Shóisialaigh, tugtar "ministro del welfare" air.

An cód dlí atá i bhfeidhm anois chun sonraí na saoránach a choimeád faoi rún, tugtar "codice della privacy" air. Ach cé go bhfuil muintir na hIodáile tugtha do stór focal an Bhéarla, ní bhíonn siad róthugtha don teanga féin ná do theangacha eile ar bith.

Tá ciall áirithe ag baint le smaointe Hagège, mar sin féin. Tá an Béarla chomh láidir anois ar fud an domhain, ní hamháin gur chóir teangacha beaga a chothú agus iad i mbaol báis, ach gur chóir na teangacha móra a chosaint freisin.

Muna dtugann muintir na hEorpa aire, dar le Hagège, beidh beagnach gach teanga i mbaol luath nó mall. Deir sé féin gur chóir do gach tír san AE an dara teanga a mhúineadh do pháistí go luath - agus ní an Béarla atá i gceist aige, ach teanga a gcomharsan béal dorais.