Eolaire ealaion

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Chomhairle Ealaíon ag ullmhú Eolaire do phobal na Gaeltachta ina mbeidh sonraí faoi…

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Chomhairle Ealaíon ag ullmhú Eolaire do phobal na Gaeltachta ina mbeidh sonraí faoi ealaíontóirí atá in ann seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil .

Dúirt Áisitheoir Ealaíon de chuid an Údaráis, Majella Ní Chríocháin, gur mhinic múinteoirí agus grúpaí pobail ar lorg daoine a bheadh ábalta ranganna ealaíne nó ceardlanna scríbhneoireachta a stiúradh i nGaeilge.

Ní raibh bunachar sonraí leis an eolas sin ar fáil go dtí seo: "Is le freastal ar an riachtanas seo atá fógraí á gcur amach againn ar fud na tíre ag tabhairt cuiridh do cheoltóirí, ealaíontóirí, amhránaithe, damhsóirí, scríbhneoirí, aisteoirí agus a leithéid a bhíonn ag plé leis na healaíona agus ar mhian leo bheith san áireamh, teagmháil a dhéanamh linn."

Iarrtar ar ealaíontóirí dul i dteagmháil le cuisle@oceanfree.net nó 086-8202883 le breis eolais agus foirmeacha iarratais a fháil.