‘Enchanté, cén t-ainm atá ort?’

Cruinniú na gcoimisinéirí le dúshláin teangacha a phlé

Wed, May 29, 2013, 12:47

Chuireas mé féin in aithne do François Boileau, Coimisinéir do Sheirbhísí Fraincise, Ontario. “Seán Tadhg,” a dúirt.

“Enchanté,” arsa an
Coimisinéir do Sheirbhísí Fraincise, Ontario. “Cén t-ainm atá ort?”

“Seán Tadhg,” a dúirt mé arís.

“Enchanté, cén t-ainm atá ort?” arsa an Coimisinéir do Sheirbhísí Fraincise, Ontario, arís.

Tuigeadh sa deireadh dúinn ár míthuiscint bheag teanga agus deineadh gáire mar cheiliúradh ar an éagsúlacht ba chúis léi.

Vive le différence.

Ba mhaith a d’oirfeadh sé mar mhana don Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

Bhí fear Ontario i measc na gcoimisinéirí teanga ó gach cearn den domhan a chruinnigh le chéile ag an gcomhdháil iltíreach eisceachtúil.

Mar a dúirt Coimisinéir Teanga an Stáit seo, Seán Ó Cuirreáin, bhíodar ann chomh fada ó thuaidh leis an gCiorcal Artach agus chomh fada ó dheas leis an Afraic Theas, ón oifig choimisinéara teanga is “sine” ar domhan i gCeanada go dtí an oifig is “óige” sa Chosaiv.

Ba ar an Déardaoin a bhailigh na coimisinéirí le chéile i lár na príomhchathrach chun cuairt a thabhairt ar an Uachtarán. Mar chuid den chomhdháil ar an Aoine bunaíodh Cumann
Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, ach d’fhéadfadh “fan club” Mhichael D. Higgins a bheith bunaithe chomh maith céanna acu, bhíodar chomh tógtha sin lena gcuairt ar Áras an Uachtaráin.

Bhí cúpa focal speisialta ag an Uachtarán dóibh ar fad.

Labhair sé le hOmbudsman na Catalóinise faoin meas a bhí aige ar struchtúr chlub sacair Barcelona agus d’iarr sé ar Mxolisi Zwane, príomhfheidhmeannach Bhord Teanga na hAfraice, a rá le Louise Asmal, baintreach le cara mór leo beirt, Kader Asmal, go raibh sé ag cur a tuairisce.

Bhí na coimisinéirí go léir ar aon intinn gurbh annamh a chuala siad “polaiteoir” a raibh tuiscint chomh maith sin aige ar cheist na gceart teanga. Dúirt an tUachtarán gurbh ionann na cearta teanga sin a cheilt agus treascairt ar chearta an duine: “There can be no doubt that preventing or discouraging people from speaking their native language, or allowing that native language to become subordinate to a second language, is a denial of human rights.”

Thagair sé chomh maith do ráiteas a rinne an chéad Uachtarán, Dubhghlas de hÍde, faoin dtábhacht a bhain le hathbheochan na Gaeilge: “If we allow one of the finest and the richest languages in Europe, which, fifty years ago, was spoken by nearly four millions of Irishmen, to die out without a struggle, it will be an everlasting disgrace.”

Bhí na hÉireannaigh a bhí láthair an-tógtha lena
nUachtarán chomh maith. “Ní ligfeadh sé síos riamh thú lena cheart a thabhairt dó,” a dúirt fear amháin.

“Nach bhfuil an t-ádh linn gur thug sé na cosa leis?” arsa fear eile agus b’fhíor dó gur ar éigean go n-éireodh le héinne de na hiarrthóirí eile i dtoghchán na huachtaránachta lánbhus de choimisinéirí teanga a chur faoi gheasa le hóráid faoin ghá le “new paradigms of thought and action”.

I ndiaidh na hóráide thug an tUachtarán agallamh do na hiriseoirí a bhí san Áras i dteannta na gcoimisinéirí. Ceistíodh é faoi staid na Gaeilge agus bhraithfeá go raibh sé ar tí “ceannlíne nuachta” eile a bhronnadh orainn nuair a chuimhnigh sé air féin. “Ach sin gnó don Rialtas,” a dúirt sé agus aoibh an gháire air.

Cuireadh tús spleodrach go maith leis an bplé ar chearta teanga maidin Dé hAoine nuair a bhí argóint bhríomhar gan choinne idir Ombudsman na Catalóinise agus ionadaí ó ambasáid na Spáinne a bhí sa lucht éisteachta.

Bhí léamh suimiúil ag ár gcara François Boileau ar cad is ceart ann: “Ní bhíonn cearta ag an móramh mar tá an
chumhacht ag an móramh; bíonn cearta ag an mionlach mar nach bhfuil aon
chumhacht acu.”

Déantar cosaint ar
theangacha mionlaithe, ní mar gur “ceart” atá i gceist ach mar “gurb é an rud ceart le
déanamh” a dúirt sé.

Cé go raibh dúshláin éagsúla roimh na coimisinéirí – 11 teanga oifigiúil atá san Afraic Theas mar shampla – díol suime ab ea é, go raibh cuid mhaith de na fadhbanna céanna acu leis. Ar na fadhbanna sin bhí teip an oideachais freastal mar ba chóir ar an dteanga mhionlaithe.

Thug Sandra Inutiq,
Coimisinéir Teanga, Nunavut, léargas mothálach ar an dtaobh daonna den cheist áirithe sin. Bhí cnapán ina scornach agus deoir lena súil agus í ag insint dúinn faoi cad go díreach a spreag a suim i réimse na gceart teanga.

Nuair a bhí a hiníon sa bhunscoil cuireadh “janitor” na scoile isteach sa rang chun a máthairtheanga a mhúineadh di.

Dúirt an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd, a d’eagraigh an chomhdháil i bpáirt le hOifig an Choimisinéara Teanga agus Fiontar, DCU, gur gníomh “mímhorálta” a bheadh ann iarracht a dhéanamh baint de neamhspleáchas choimisinéir teanga trí a oifig a nascadh le hoifig Ombudsman.

Gan amhras, ní chaithfeá dul rófhada ó bhaile in aon chor chun teacht ar shampla dena leithéid d’iarracht.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.