Einstein na hEireann

Beocheist: Dhá chéad bliain ó shin a rugadh an sáreolaí Éireannach, William Rowan Hamilton, agus cé go bhfuil lucht na heolaíochta…

Beocheist: Dhá chéad bliain ó shin a rugadh an sáreolaí Éireannach, William Rowan Hamilton, agus cé go bhfuil lucht na heolaíochta ag ceiliúradh na hócáide is beag aird atá an saol mór ag tabhairt air.

Ba cheart go mbeidís mar ba réabhlóidí eolaíochta é a tharraing clú idirnáisiúnta air féin le linn a shaoil agus d'fhág a shaothar rian ar an eolaíocht atá inchurtha le saothar Einstein agus Newton.

Chomh maith lena thionchar ar eolaithe an domhain le linn a shaoil, is ábhar suime é gur lean agus gur mhéadaigh inspioráid Hamilton i ndiaidh a bháis. Ní fios go hiomlán fós cad a dhéanfar lena bhunsmaointe san am atá le teacht.

Fiú sa lá atá inniu ann úsáidtear matamaitic Hamilton sa teicneolaíocht a chruthaíonn an teilifís, radar, x-gha sna hoispidéil, graificí sna ríomhairí agus éifeachtaí speisialta sna scannáin. Feidhmíonn a obair mar bhunchloch i saothar shaoithe móra na heolaíochta cosúil le hEinstein agus Maxwell.

READ MORE

D'oscail sé doras don cheathrú diminsean agus, de bharr a shaothair, bhí leithéidí NASA in ann spásárthach a threorú agus bhí déantúsóirí gluaisteáin ábalta an t-éacht céanna a dhéanamh do ghluaisteáin le GPS ina dhiaidh sin. (Má chlóscríobhann tú "Hamiltonian" i Google, faigheann tú breis is 3,680,000 tagairt: ní mhúsclaíonn Joycean ach 225,000.)

I measc a lucht leanúna bhí Éamon de Valera agus an spásaire Buzz Aldrin. Bhí Dev chomh tógtha le Hamilton gur scríobh sé dán faoi cheathairnín (Quaternions) nuair a bhí sé i ngéibheann. Blianta ina dhiaidh sin, bhíodh sé de nós ag an uachtarán obair ar cheathairnín go déanach san oíche san Áras agus ghlaodh sé ar ollúna sna coláistí dá mbeadh réiteach aon fhaidhbe uaidh.

Deirtear nuair a tháinig Buzz Aldrin ar cuairt go Coláiste na Tríonóide lena chlann gur bheag suim a chuir sé i Leabhar Cheannanais nó fiú Mise Agus Pangúr Bán. Ach nuair a d'aimsigh sé trí thimpiste busta de Hamilton sa Seomra Fada tháinig sceitimíní ar an spásaire. D'iarr sé ar an lucht foirne grianghrafanna a ghlacadh de féin agus dá chlann leis an mbusta den fhear tábhachtach seo. Mhínigh sé do gach éinne gurbh é Hamilton a threoraigh é féin agus a chomhghleacaithe ar Apollo XI abhaile i 1969.

B'iontas (prodigy) é Hamilton agus fuair sé oideachas ó aois an-óg óna uncail James i mBaile Átha Throim, Co na Mí. D'fhreastail Hamilton ar an scoil chéanna a raibh Wellington uirthi 30 bliain roimhe sin. Bhí béim faoi leith ar theangacha, go háirithe teangacha claiseacacha agus cé go raibh trí cinn déag de theangacha ar a thoil aige tráth dá shaol, níor bhac sé riamh leis an nGaeilge.

Bhain sé an chéad áit amach sa scrúdú iontrála do Choláiste na Tríonóide agus ceapadh ina ollamh é sara raibh a bhunchéim críochnaithe aige. Bhí an teideal 'Réalteolaí Ríoga na hÉireann' air agus bhí an réaltlann i nDún Since faoina chúram. Is beag suim a bhí aige i réalteolaíocht ach thug an post deis dó leanúint lena obair sa mhatamaitic - agus táthar fós ag baint tairbhe as torthaí na hoibre sin.

D'úsáid Hamilton a inspioráid agus a shamhlaíocht chun an mhatamaitic a thuiscint níos fearr; d'aimsigh sé go leor rudaí fadtéarmacha nach raibh a n-úsáid cheart soiléir; fiú dó féin ag an am.

Ba dhuine ann féin é Hamilton agus ba mhinic ina shaol go raibh sé faoi ghruaim agus ag ól go trom. Thagadh mórsmaointe chuige gan choinne agus le splanc. Deirtear nuair a tharla a leithéid gur bhreac sé síos an smaoineamh ar bhlaosc uibheacha nó cibé rud a bhí os a chomhair chomh luath agus ab fhéidir - ar eagla go n-imeodh an inspioráid as a aigne chomh tapa céanna agus a tháinig sí.

Is mar sin a tháinig a bhunsmaoineamh faoi cheathairnín faoi dheireadh. Bhí sé gafa leis an bhfadhb seo ar feadh cúig bliana déag nó níos mó. Ansin lá amháin i 1843 nuair a bhí sé ag súil go léacht in Acadamh Ríoga na hÉireann lena bhean, tháinig an fhoirmle thábhachtach ina hiomlán chuige. Scríobh sé an fhoirmle ar Dhroichead Broom (Broombridge) le scian póca ar eagla go ndearmadfaí a réiteach sara sroichfeadh siad a gceann scríbe.

I 1958 chuir Dev plaic suas dá laoch ar Dhroichead Broom agus is ann a théann siúlóid ar an séú lá de Dheireadh Fómhair gach bliain chun an sárintleachtaí William Rowan Hamilton a cheiliúradh.

Léirigh Kevin Burns Sir William Rowan Hamilton - The Irish Einstein. Beidh an clár le feiceáil mar chuid den tsraith Léargas Dé Luain seo chugainn ag 7.30pm ar RTÉ1