Eigse Dhoire

Beidh Éigse Cholm Cille ar siúl Dé hAoine 27ú agus Dé Sathairn 28ú mí Feabhra, i gColáiste Mhig Aoidh, Doire

Beidh Éigse Cholm Cille ar siúl Dé hAoine 27ú agus Dé Sathairn 28ú mí Feabhra, i gColáiste Mhig Aoidh, Doire. Is é "Ó Rónán Rí go Ros na Rún: drámadóirí faoi bhláth" téama na bliana seo.

Ar na cainteoirí, beidh Desmond Bell ag caint ar dhéanamh a scannáin Rotha Mór an tSaoil; tabharfaidh an scríbhneoir Dave Duggan caint ar "Rogha drámadóra: an stáitse; an raidió nó an scáileán"; labhróidh an drámadóir agus aisteoir, Anne Learmont, ar "Ros na Rún: slí bheatha don scríbhneoir Gaeilge" agus beidh léiritheoir raidió de chuid RTÉ, Cathal Póirtéir, ag caint ar "Bua an dráma raidió".

Níl táille ar bith i gceist do na léachtaí iad féin ach tá don dinnéar. Eolas: 048-71351502 nó eigse@hotmail.com