Ealaín Feirste

TÁ taispeántas pictiúr leis an ealaíontóir, Liam Mac Aindréis (1913-96) le hoscailt i nDánlann Dillon, Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich…

TÁ taispeántas pictiúr leis an ealaíontóir, Liam Mac Aindréis (1913-96) le hoscailt i nDánlann Dillon, Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn ag 3pm.

“Liam Mac Aindréis: ealaíontóir agus Gael” is ainm don taispeántas agus is é clann an ealaíontóra féin atá taobh thiar den tionscnamh le saothar a n-athar a chomóradh.

Dúirt a mhac – a bhfuil Liam Andrews air fosta – go ndearna sé “iontas de na rudaí a rinne” a athair. Bhí aithne mhaith ag pobal na cathrach ar a athair, ní hamháin lucht na Gaeilge ach ealaíontóirí agus scríbhneoirí clúiteacha a linne. Tá cuimhne ag Liam óg ar John Luke teacht chun tí, mar shampla. Ach bhí an Ghaeilge féin an-tábhachtach ag Mac Aindréis agus níor chreid sé go dtiocfadh leis ealaín náisiúnta a chothú gan an Ghaeilge.

Duine “neamhghnách” a bhí ann a chaith a shaol ag teagasc Gaeilge agus ag péintéireacht, a dúirt a mhac. Seans, a dúirt sé, gurbh fhearr an t-aitheantas a bheadh air mar ealaíontóir ach ní ba mhó ama a chaitheamh lena cheird ach bhí a chroí istigh i dteagasc na Gaeilge fosta: “Bhí sé ar iomaire dá chuid féin. Bhí an teanga tábhachtach aige agus, dá bharr sin, scaradh ó na healaíontóirí eile é.”

READ MORE

De bhunadh Bhéal Feirste é Mac Aindréis agus bhí sinsir Phreispitéireacha leis, ó thaobh a mháthar de, amuigh le linn Éirí Amach 1798. Caitliceach a bhí ina athair ach tógadh Mac Aindréis ina Phreispitéireach agus é faoi chúram a sheantuismitheoirí.

Deir Liam gur baisteadh a athair faoi thrí: uair amháin ina leanbh san eaglais Phrotastúnach, uair amháin i séipéal Caitliceach agus é ina leanbh agus uair amháin eile – “ar eagla na heagla” – nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach agus é ina dhuine fásta.

Ghlac Mac Aindréis páirt ghníomhach i gcúrsaí cultúir i mBéal Feirste. Fuair sé oiliúint san ealaín i gCumann Ealaíon Bhéal Feirste agus sa Choláiste Ealaíne agus d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i gCumann Chluain Ard sa chathair agus i nDún na nGall.

Ba é a mhian Gaeilge agus ealaín a cheangal le chéile agus ba é Béal Feirste agus na radharcanna ann ábhar mórán dá chuid pictiúr.

Leoga, bhí an t-úrscéalaí iomráiteach Sam Hanna Bell uair i láthair ag taispeántas ealaíne de chuid Mhic Aindréis i gCumann Chluain Ard agus an chaint ar fad faoi na pictiúir i nGaeilge – teanga nach raibh ag Hanna Bell. Rinne sé gearán nach raibh Béarla ar bith ann agus dúradh leis i gcogar: “That’s how we do things here.”

Deir Liam Andrews go bhfuil dóchas aige go gcuirfidh daoine spéis sna pictiúir agus go gcuirfidh an chatalóg dhátheangach i gcuimhne do dhaoine “an t-aistear a rinne sé ón Phreispitéireachas go gluaiseacht cheannródaíoch na Gaeilge”.

Portráid den ealaíontóir mar Ghael, mar sin.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times