Ealaín dhúchasach

NÍ raibh an ealaín dhúchasach sách maith don eaglais nua mheánaicmeach seo, ná na paidreacha dúchais, ná ceol na ndaoine, Caoineadh…

NÍ raibh an ealaín dhúchasach sách maith don eaglais nua mheánaicmeach seo, ná na paidreacha dúchais, ná ceol na ndaoine, Caoineadh na Maighdine agus mar sin de sa tslí gur do na Gaeilgeoirí craiceáilte amháin iad – seachas don phobal trí chéile – na hAifrinn iontacha a chum an Riadach, ceol a bhí bunaithe ar anam na nGael.

An bhéim a leagann duine óg ar nós Katie Taylor ar phearsa Íosa, tugadh neamhaird air sin sna meáin ar chúis éigin. Tá mar thoradh air sin go smaoiníonn glúin áirithe Éireannach fós ar institiúid na hEaglaise agus an córas rialacháin a shíolraíonn as sin seachas ar ghrá Dé agus an teachtaireacht a thug Íosa uaidh agus é ar an saol seo tá os cionn 2,000 bliain ó shin.

Ba thubaisteach an ní é sin. Cad is Críostaíocht ann ach aithris ar Chríost (i bhfocail Thomáis á Kempis)? Cad atá roimh Eaglais Chaitliceach na hÉireann amach anseo?

Eaglais le ballraíocht níos lú nach mbeidh tráchtaireacht shóisialta ar shaincheisteanna polaitiúla an lae faoi chaibidil aici a bheas inti is dócha.

READ MORE

Is tráthúil mar sin gur chuir an béaloideasaí tréitheach Pádraig Ó Héalaí peann le pár agus go bhfuil An Slánaitheoir ag Siúl ar an Talamh againn uaidh.