Ealaín ón úir Árannach

Scrúdaíonn saothar Sheáin Uí Fhlaithearta an saol


Tá ealaíontóirí ann a bhodhródh duine ag cur síos go mórchúiseach ar thábhacht na healaíne ach nach ngéillfeadh go deo go bhféadfadh rud chomh suarach le “ráiteas” faoin saol a bheith folaithe istigh ina saothar.

Níl an t-ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta ar dhuine de na healaíontóirí sin. Bíodh nach í an phoiblíocht an chuid is ansa leis an bhFlaitheartach de chúram an ealaíontóra, ní cás leis a admháil go mbíonn rud éigin le rá aige ina shaothar.

Cuimhníonn sé i gcónaí ar an múinteoir scoile i gCill Rónáin a chéadchothaigh a shuim san ealaín: “Dúirt sé go gcaithfeadh fáth a bheith agat le píosa ealaíne, go caithfidh tú rud éigin a rá. Bím i gcónaí ag breathnú agus ag ceistiú, mo cheistiú féin cuid mhór den am, b’fhéidir. Is féidir tuairimí a nochtadh tríd an ealaín.

“Táim ag ceapadh gur maith ann an ealaín – amhrán nó dráma nó rud ar bith – chun rudaí áirithe a phlé.

READ MORE

“Sin ról na healaíne – a bheith ag ceistiú. Ní hé ról na healaíne a bheith ag lorg na ndeontas seo ar fad a bhfuilimid in ainm is a bheith ag cur isteach orthu.”

Ní rud í an ealaín gur féidir le duine a bheith “ag tenderáil lena haghaidh,” a deir sé de gháire.

“Ní chreidim sa rud seo an “ealaín ar mhaithe leis an ealaín”. Muna bhfuil tada le rá agat, ná bí ag rá tada.”

Tá cuid mhaith le rá linn ag an taispeántas is déanaí ag Ó Flaithearta “Síoda Móna” a phléann leis an dtimpeallacht, an duine agus an dlúthchaidreamh eatarthu.

Ba é an scrios a dhein loscadh sléibhe ar phortaigh in Iarthar na hÉireann a spreag uaidh an taispeántas “Talamh Dóite” cúpla bliain ó shin agus tá sé fillte ar an bportach dá thaispeántas nua atá ar siúl sa Ghaillimh faoi láthair.

I “Síoda Móna” tá an tírdhreach ag teacht chuige féin i ndiaidh an loiscthe, bláth ag teacht ar an aiteann agus “síoda móna arís ina bhrat bog bán ar chrústa crua dubh na talún”.

Ach má tá níos mó den dóchas le braistint ar shaothair “Síoda Móna” ná mar a bhí ní ina thaispeántas deireanach, ní hionann sin is a rá go bhfuil réiteach aimsithe ag an bhFlaitheartach ar na ceisteanna casta a tháinig chun cinn i “Talamh Dóite”.

Mar a deir an ráiteas a ghabhann leis an dtaispeántas, tá na daoine a shaothraigh an portach á ruaigeadh uaidh agus ceisteanna fágtha le freagairt ina ndiaidh: “An bhfuil gach rud le díol agus le ceannach? An críoch nó athfhás atá i ndán don phortach?”

Mar a dúirt an scoláire Lillis Ó Laoire i dtaobh shaothar Uí Fhlaithearta is ionann ann “ár ndán féin agus dán an phortaigh.”

Tagann Ó Flaithearta féin leis an léamh sin ar a shaothar: “Táim ag ceapadh gur sórt macalla den chaoi atáimid féin a bhíonn sa phortach nó sa talamh.

“Nuair atáimid ag plé leis an nádúr feicimid sinn féin ann agus tagann chuile rud ar ais chugainn féin bealach amháin nó bealach eile.”

Aithníonn sé chomh maith go n-eascraíonn ceisteanna polaitiúla as a shaothar: “Go tobann tá ceist an phortaigh faighte tráthúil, tá sé sna meáin chuile lá.

“Tá spéis ag daoine anois úinéireacht a thógáil ar an dtalamh bocht seo, agus tá an rud céanna fíor faoi chúrsaí cladaigh le tamall anuas.

“Tá ceisteanna polaitíochta ag baint leis ón dtaobh sin dhó.

“Feictear dom go mbíonn comhlachtaí ag cuartú píosa de chladach nó de phortach agus go ndíoltar iad taobh thiar de dhroim na ngnáthdhaoine. Níor chóir na cearta a bhí ag daoine riamh anall a chur ar leataobh don chéad El Dorado eile.”

Beidh aithne ag scata daoine ar obair Uí Fhlaithearta ón maisiú a dhein sé ar na mórchnuasaigh fhilíochta le Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht le cúpla bliain anuas.

Obair éagsúil a bhí ann “a bhfreagra féin” a thabhairt ar na dánta cé go bhfuair sé níos fusa í i gcás Uí Dhireáin: “Bhí a chuid dánta agam agus bhínn beagnach ag siúl na gcosán céanna a raibh Ó Direáin ag scríobh fúthu.

“Bhí sé sách nádúrtha dom, ach ag teacht ón dtaobh amuigh a bhí mé le Seán Ó Ríordáin agus mé ag iarraidh freagra pearsanta a thabhairt ar na dánta. Obair dhifriúil agus níos deacra agus níos suimiúla a bhí ann.”

Níl Ó Flaithearta ag brath ar an ealaín amháin mar shlí bheatha agus bíonn sé ag obair chomh maith le daoine a bhfuil meabhairghalair orthu: “Tá sé tábhachtach dom nach mbeinn ag brath ar an ealaín mar tugann sé saoirse agus neamhspleáchas dom. Níl an oiread spéise agamsa in ealaíontóirí, caithfidh mé a rá.

“Tá mise ag iarraidh a bheith ag déanamh mo rud féin. An taispeántas seo, is mé féin a chuir le chéile é. Níl aon curator i gceist.”

Fágann an neamhspleáchas sin nach bhfuil ealaín Uí Fhlaithearta faoi smacht ag aon rud seachas an dualgas a chuireann sé air féin a bheith dílis dá thuiscint ar cad is ealaín ann: “Bím ag iarraidh i gcónaí an obair a cheangal go nádúrtha leis an gceantar ina bhfuil mé agus go mbeadh sí fírinneach dom féin freisin. Ní raibh aon spéis agam riamh radharcanna tíre a dhéanamh do thurasóirí.”

Beidh “Síoda Móna” ar siúl i nGailearaí Norman Villa, Bóthar na Trá, Gaillimh, go dtí 26ú Aibreán