DUP agus ceacht Darwin

Beocheist: Aoibhinn beatha an stocaire, chun culaith úr a chur ar sheannath

Beocheist: Aoibhinn beatha an stocaire, chun culaith úr a chur ar sheannath.Sa Tuaisceart faoi láthair níl aon ghanntanas stocairí ann.Dáiríre, níl fágtha de phróiseas napolaitíochta ach stocaireacht.

Tá na príomhpháirtithe gnóthach ag foilsiú a gcuid moltaí chun daonlathas áitiúil a athbhunú i Stormont, ach níl siad á bplé lena chéile ach amháin i scliúchais teasaí ar na meáin chraolta.

An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh an SDLP moltaí a réitíonn le réadúlacht an scéil. Is é sin: má tá an pholaitíocht le bheith ar fionraí go sealadach nó go síoraí, tá sé chomh maith dul chun cinn éigin a dhéanamh leis na codanna trasteorann de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá loighic dhochloíte taobh thiar den gcuid is mó de na moltaí seo.Tá buntáiste le baint astu ag na pobail ar an dá thaobh. Ach, thairis sin, b’fhéidir go mbrostódh siad an DUP le céim fhaiteach chun tosaigh a ghlacadh, mar ag Dia féin atá a fhios go bhfuil an chuma orthu óna gcomhdháil bhliantúil gur siar atá a dtriall.

READ MORE

Balla ceanndánachta atá iontu in aghaidh aon sórt forbartha.Nach mór an t-athrú ó aimsir David Trimble a bhí mar aoi ar an gclár Daily Politics le déanaí. Is é Daily Politics a bhaineann Facing Reality ar ais i Stormont agus cúpla rogha rialtais molta ann.

Ach ní bheadh aon fhilleadh arfheidhmeannas ina roinnfí cumhacht le Sinn Féin. Agus mar a léirigh an tUrr. Ian Paisley, tá éileamh eile anois ann – go scorfaí an tIRA ina iomláine.

D’fhéadfadh an óráid a thug Paisley uaidh a bheith scríofaroimh 1969.Ar chúis eigin, tagann íomhá de Reginald Maudling, duine dena chéad Rúnaithe Stáit, chun cuimhne tar éis a chéad chuairt arBhéal Feirste.

Agus é ag imeacht, bhrostaigh sé ar bord an eitleáin go Londain, shuigh se síos agus dúirt sé: "For God’s sake, bring me a large Scotch. What a bloody awful country!"

Baineadh sólás éigin as pobalbhreith a léirigh go mbeadh 39 faoin gcéad de 100 teachtaire DUP a ceistíodh sásta cumhacht a roinnt le Sinn Féin "dá mbeadh dí-armáil iomlán ann agus deireadh le coiriúlacht". Ach an taobh eile den mbonn sin, dúirt 37 faoin gcéad díobh gurbh fhearr riail dhíreach ón mBreatain ná cumhacht a roinnt le Sinn Féin faoi aon choinn íollacha! ("Scotch mór eileag teacht, sir!")Ar chóir go mbeadh iontas orainn? Ní chreideann cuid mhór de lucht leanúna Paisley i dteoiric éabhlóide Darwin. Ní chreideann siad gurb ionann an cumas chun athrú de réir aeráid agus coinníollachana cruinne agus rún na maireachtála.

B’fhearr leo go bhfanfadh cúrsaí díreach mar a bhíodh. Ní tharlóidh sé sin. Níl Peter Hain chun "large Scotch" a ordú agus suí siar. Muna mbíonn an DUP sásta go luath páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht chun gnáthpholaitíochta thabhairt ar ais l eanfaidh Hain ar aghaidh, beag beann ar an DUP, leis na pleananna tras-teorann atá réitithe aige le Baile Átha Cliath – i bhfocail eile, moltaí an SDLP.Ba chóir do bhaill an DUP Darwin a léamh go cúramach.

Léirigh Darwin an tábhacht atá leis an acmhainn forbartha agus fáis. Agus, níos tábhachtaí, léirigh sé cén fáth go bhfuil na músaeim lán de na cineálacha agus de chinínach mbíodh an acmhainn sin acu agus nár athraigh riamh – iad go léir faoi ghloine. Bheadh comhthionól an sórt cláir é ábhar cainte as a mbíonnar siúl i Westminster go laethúil le feisirí parlaiminte agus tráchtairí polaitíochta.

Ach má bhíonn ‘lá ciúin’ ann, tugann siad isteach daoine nach bhfuil sa gcluiche a thuilleadh. Tá an chuma ar Trimble go bhfuil ualach ollmhór curtha de. An chuma air go raibh mainlia tar éisan clár crua déile sin a bhíodh inadhroim a ghearradh amach.

Caithfidh sé gur tháinig cumha ar aon cheannaire poblachtach a chonaic é i ndiaidh na tréimhse nuair a lig Trimble Sinn Féin isteach i gcomhrialtas fad is a bhí an tIRA fós dea-eagraithe, le chéile agus armtha le haghaidh cogaidh.

Seans fiú, gur tháinig aiféala ar chuid acu go ndearna antIRA cinneadh staic amadáin adhéanamh de os comhair a phobail féin, rud a scaoil an DUP isteach i gcumhacht.

Ach nárbh í sin an straitéismhór – Trimble, nach ndíolfadhan Comhaontú lena phobal, a ruaigeadh agus labhairt leis an dream crua a dhíolfadh?Bhuel, d’imigh sin agus tháinig seo. Nár dheas mar a dhíol ceannairí an DUP an Comhaontú céanna lena mbaill ag a gcomhdháil bhliantúil tamall ó shin? Tá a gcuid moltaí féin leagtha amach ag an DUP faoin teideal