Duanaire nua dátheangach filíochta le Gabriel Rosenstock

Maragadh na Míol in Valparaíso (Cló Iar-Chonnacht) is ainm do dhuanaire nua filíochta le Gabriel Rosenstock, duanaire a roghnaigh an file Cathal Ó Searcaigh as cnuasaigh ar fad Rosenstock.

Tá dánta Gaeilge chomh maith le haistriúcháin Bhéarla ón fhile féin agus ón fhile Paddy Bushe.

Roghnaíodh na dánta sa chnuasach seo ó leabhair a scríobhadh sna 1970í go dtí an lá atá inniu ann. Is file, fear haiku, drámadóir, údar-aistritheoir 170 leabhar, an chuid is mó acu sa Ghaeilge, é Rosenstock.