Dreamland agus uaillmhian ailtireachta

BEOCHEIST: THUG MÉ cuairt le déanaí ar thaispeántas dar teideal Dreamlands a bheidh ar siúl sa Centre Georges Pompidou i bPáras…

BEOCHEIST:THUG MÉ cuairt le déanaí ar thaispeántas dar teideal Dreamlands a bheidh ar siúl sa Centre Georges Pompidou i bPáras go dtí tús mhí Lúnasa.

Léirítear sa taispeántas an chaoi a raibh tionchar ag páirceanna siamsaíochta, go háirithe an pháirc Dreamland a bhí suite ar Coney Island idir 1904-1911, ar fhorbairt cathracha san 20ú haois.

Is in Dreamland, cuir i gcás, a thángthas den chéad uair riamh ar an teicneolaíocht a úsáideadh in ardaitheoirí ardluais, dul chun cinn a chuir dlús faoi thógáil na n-ilstórach spéire in Manhattan ag tús an chéid seo caite.

Ach bhí tionchar ag áiteanna ar nós Dreamland ar choincheap féin na cathrach. Tugadh radharc nua ar an gcathair mar áit a raibh béim ar shiamsaíocht agus ar chaitheamh aimsire don uile dhuine.

READ MORE

Is sampla é an Túr Eiffel, a tógadh don Aonach Trádála Domhanda sa bhliain 1889, den chur chuige nua seo san ailtireacht.

Tuigeadh, fiú ag an am, nach raibh feidhm fhadtéarmach ag an bhfoirgneamh agus bhí sé i gceist riamh nach bhfágfaí ina sheasamh é. Ach thug thart ar 7 milliún duine cuairt ar an túr anuraidh agus áirítear é ar cheann de na foirgnimh is suaithinsí ar domhan.

Sampla eile den chathair mar pháirc siamsaíochta ná Las Vegas. Sa leabhar Learning from Las Vegas (1972), mhaígh na húdair (Denise Scott Brown, Robert Venturi agus Steven Izenour) gur cuireadh béim ar ailtireacht atá bunaithe ar riachtanais thráchtála agus ar thionscal na fóillíochta nuair a tháinig fás ar an mbaile, a bhfuil an leasainm Sin City air, go luath tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Feictear é sin go háirithe ar an bpríomhshráid – an Strip a ghlaoitear air – áit a leagtar béim ar an gcomharthaíocht, gné ríthábhachtach i ré seo an ghluaisteáin.

Is iad na comharthaí tráchtála ollmhóra neoin, ar ceann de radhairc an bhaile iad, is túisce a thugtar faoi deara ar an Strip.

Ní fhásann ach líon beag crann ar an Strip ar eagla nach bhfeicfí na comharthaí neoin i gceart. Ní cheadaítear ach oiread faichí féir ar dhá thaobh na sráide toisc go bhféadfadh an obair chothabhála a ghabhann leo cur as don tsíorghluaiseacht tráchta.

Ach is é Walt Disney féin a mhol ag tús na 1960í go dtógfaí baile de chineál nua don 21ú haois. EPCOT (Experimental Prototype Community of Tomorrow) a thug sé ar an gcathair seo agus é i gceist aige í a thógáil ar láithreán úrnua in Florida.

Bunaithe ar chruth an rotha, shamhlaigh sé go mbeadh ceantar gnó agus tráchtála istigh i lár na cathrach – é ar fad faoi dhíon fairsing cruinneachánach, díon a thabharfadh cosaint do na daoine ón aimsir agus a chinnteodh timpeallacht rialaithe.

Díreach taobh amuigh den mhol seo, bheadh ceantar tithíochta ard-dlúis ann ina mbeadh cóiríocht a d’fheilfeadh do dhaoine nach mbeadh cúram páistí orthu. Taobh amuigh den cheantar seo arís, bheadh an crios glas ann, páirceanna agus aibhneacha mar aon le háiseanna spóirt.

Ar deireadh, thógfaí ceantar timpeall ar imeall an rotha ar fad ina mbeadh gnáth-thithíocht ann le háiseanna ar nós scoileanna, ionaid adhartha agus araile. Is anseo a chónódh na teaghlaigh.

Dada réabhlóideach ansin, a deir tú, agus an ceart agat. Ach bhí sé i gceist ag Disney nach ligfí do thrácht bóthair plúchadh a dhéanamh ar an mbaile mar a bhí déanta i mbailte móra eile an domhain. Faoi thalamh a bheadh cuid mhór de na bóithre, go háirithe i lár na cathrach áit a dtabharfaí tús áite don choisí.

Agus thógfaí córas iompair phoiblí a bheadh éifeachtach agus sábháilte chun freastal ar an bpobal. Fuair Disney bás, áfach, sula raibh sé in ann tús a chur leis an tionscnamh uaillmhianach seo agus níor tógadh EPCOT riamh mar a shamhlaigh seisean é.

Ní in Florida ar chaoi ar bith. In iarthar chathair Pháras, tá an ceantar gnó ar a dtugtar La Défense. Moladh ag tús na 1960í gur theastaigh ceantar dá leithéid ar dhá chúis.

Sa chéad áit, bhí lucht pleanála faoi bhrú ag fórsaí an mhargaidh go gcuirfí suas ilstóraigh spéire agus bhí baol ann go loitfí spéirlíne na cathrach. Mar gheall air sin, socraíodh an tógáil nua seo a dhéanamh in aon áit amháin. Lena chois sin, siombail a bheadh ann a léireodh go raibh an chathair á réiteach féin don todhchaí.

Mar a bhí molta in EPCOT, tógadh an cinneadh an trácht ar fad a choimeád faoi thalamh i La Défense. Dá bharr sin, in ainneoin airde na dtúr thart timpeall, bíonn tiarnas ag an duine sa domhan úrnua seo.