Dráma nua le Noel Ó Gallchóir i dTaibhdhearc na Gaillimhe

Ní fada ó chraol BBC Raidió Uladh dráma de chuid Noel Uí Ghallchóir, Idir Dhá Cheann na hImní.

Beidh deis ag lucht amharclainne an drámadóir Conallach féin a fheiceáil ar stáitse Déardaoin nó beidh a dhráma nuascríofa, Ó Pheann an Phiarsaigh, sa Taibhdhearc, Gaillimh, ag 7.30pm.

Léiriú pearsanta a thugann Ó Gallchóir ar shaol agus ar shaothar an Phiarsaigh trí tharraingt as tobar a chuid scríbhneoireachta féin.

Is é is cuspóir leis an phíosa “bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil.

READ MORE

“Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.”

Saor in aisce do mhic léinn agus do pháistí atá an dráma agus €10 do dhaoine fásta. Eolas: 091-562024