Deireadh leis an iris idirlín, Beo! – ‘uair na sceanartála’

Iris cheannródaíoch

Tá an t-eagrán deiridh den iris idirlín, Beo!, foilsithe.

Thug bunaitheoir an tionscnaimh, Liam Ó Cuinneagáin, le fios i ráiteas gur "mheall Beo! na hiriseoirí is fearr i saol na Gaeilge sa dóigh go mbíodh a gcuid alt á léamh in Éirinn agus ar fud an domhain.

“Bhí na hailt chéanna á n-úsáid, mar a bheidh feasta, ag daltaí i mbeagnach gach meánscoil in Éirinn agus ag na mic léinn sna hollscoileanna is mó le rá ar domhan ó Mhoscó go Boston, ó Sydney go Uppsala, chomh maith leis an ghnáthdhuine le Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne”.

Foilsíodh an iris den chéad uair mí na Bealtaine, 2001, agus 166 eagrán a cuireadh ar líne gach mí ó shin.

READ MORE

Dúirt Ó Cuinneagáin go ndeachaigh Beo! "i mbláth agus i mbeatha de bharr éifeacht ár ndearthóra, Michal Boleslav, agus cumas ár n-eagarthóirí, Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus Seosamh Mac Muirí".

Bhí sé buíoch de gach aon duine a chuidigh leis chun an iris a chur ar fáil, na dearthóirí Micheál agus Rónán Ó Dochartaigh; a fhoireann oibre i nGleann Cholm Cille, Siobhán agus Gearóidín, agus an lucht léite.

Mhol sé a raibh bainte amach ag an iris: "Nuair a tháinig Beo! ar an saol ba bheag iris ar líne a bhí le fáil i mórtheangacha féin an domhain – gan trácht ar theangacha neamhfhorleathana."

‘Buíoch’

Níor chuir an iris isteach ar chomórtas Fhoras na Gaeilge le hiris nua stílbheatha a chur ar fáil i mbliana agus ba í an iris

Nós

a bhuaigh an comórtas sin. Ghuigh sé gach rath ar lucht

Nós

agus ar fhoireann Tuairisc.ie atá le tabhairt faoi nuachtán ar líne go luath.

Bhí sé buíoch d’Fhoras na Gaeilge “a phléigh linn go tacúil ón chéad lá amach – nó gur tháinig uair úd na sceanartála go deireanach”.

Bíodh is nach raibh tuilleadh le foilsiú ag Beo!, bheadh teacht ag lucht idirlín ar na heagráin ar fad agus 3,000 alt a bhí iontu.

Iris cheannródaíoch a bhí ann; an chéad iarracht a rinneadh le foilseachán Gaeilge ar leith don idirlíon a fhorbairt.

D'fhoilsigh Beo! ábhar faoi chúrsaí reatha, polaitíochta, imeachtaí thar sáile, léirmheasanna leabhar agus cúrsaí ealaíne agus píosaí tuairimíochta.

Ní fada gur mheall an iris léitheoirí ar an choigríoch chun suímh agus gréasán domhanda léitheoirí a chruthú.

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times