Daonlathas de réir do thola

BEOCHEIST: Leagtar an sean-nath faoin daonlathas "níl sé foirfe ach tá sé i bhfad níos fearr ná aon chóras eile" ar Winston …

BEOCHEIST: Leagtar an sean-nath faoin daonlathas "níl sé foirfe ach tá sé i bhfad níos fearr ná aon chóras eile" ar Winston Churchill. Agus an ceart aige.

Ach bhí drogall ar an bhfear céanna a mhíniú cén áit a raibh an laige sa daonlathas a d'fhág mífhoirfe é. Is dócha gur aithnigh sé gurb í an laige is mó atá ann ná an nádúr daonna é féin.

Mar shampla, níor thuirling Hitler sa Reichstag ar eití lucht sí. Bhí cúinsí áirithe i bPoblacht Weimar na Gearmáine a chuidigh go mór leis ar a bhealach chun cumhachta sna 1930í.

Ach déantar dearmad uaireanta gur tar éis toghcháin a raibh toradh míshásúil air gur thosaigh an mhargáintíocht i gcúlsheomraí a thug a chéad sheans don duine aba chontúirtí ar domhan.

READ MORE

An gciallaíonn sé sin gur chóir dúinn an daonlathas a chaitheamh amach? Ní chiallaíonn.

Ach fágann sé gur chóir dúinn gan dia beag a dhéanamh den gcoincheap agus gan an iomarca ómóis a thaispeáint nuair a úsáidtear an focal mar mhana morálta. Nó ar a laghad ar bith gur chóir dúinn breathnú go géar ar dhintiúirí na ndaoine a úsáideann an focal mar sin.

An fhadhb atá againn le breis agus 50 bliain nó níos mó go bhfuil díluacháil déanta de réir a chéile ar an bhfocal.

Ar an mbealach is soiniciúla ar fad, tá "cosaint an daonlathais" nó "ionsaí ar an daonlathas" curtha chun tosaigh mar chúiseanna achrainn agus coimhlinte.

Níl tír ar bith a bhíonn de shíor ag machnamh go brúite ar shláinte an daonlathais ar fud an domhain mar a bhíonn Meiriceá. Measann Meiriceá gurb é a cheap agus a chum, gur branda trádála da gcuidne é an daonlathas cosúil le Coca Cola agus McDonalds.

Faoi láthair, mar shampla, tá géarchéim sa tSeoirsia mar gheall ar an ionsaí a rinneadh ar an Óiséit agus ar an mbealach gur mhúscail sé béar codlatach na Rúise.

Arís agus arís eile, glaoíodh ar an 'd-fhocal' sa gcáineadh a rinneadh ar an Rúis de bharr an fhreagra bhruidiúil bhéarúil a thug sí ar an "daonlathas óg seo".

Ach ní fheadar ar rith sé le héinne nuair a taispeánadh na pictiúirí sin d'uachtarán bocht na Seoirsia, Mikheil Saakashvili, agus é ag cogaint ar a charbhat le teann imní, go raibh buncheisteanna le freagairt aige féin faoin toghchán a thug chun cumhachta é féin.

Ní haon naomhphatrún an daonlathais é. Chuir sé léirsithe an fhreasúra faoi chois agus tá amhras ann gur bhain sé úsáid as airgead stáit chun a fheachtas féin a mhaoiniú.

Ná bac sin, áfach, is cara mór de chuid Mheiriceá é agus tá sé chun cabhrú le bunáiteanna NATO a lonnú ina thír féin ar leac dhoras na Rúise. Is leor iad sin mar dhintiúirí an daonlathaí le Meiriceá. Ach tá "daonlathas" agus daonlathas ann.

Féach, mar shampla, cad é a tharla nuair a bhuaigh Hamas tromlach i bparlaimint na Palaistíne i 2006.

Ní raibh aon cheist ann faoi chaighdeán an daonlathais a bhí á chleachtadh ach dhiúltaigh Meiriceá glan agus go leor tíortha 'daonlathacha' eile labhairt leis an rialtas dleathach nua-thofa agus diúltaíonn go fóill. Sheas Meiriceá siar freisin nuair a bhíodh ceanncheathrú cheannaire dleathach tofa na bPalaistíneach, Yasser Arafat, faoi ionsaí agus beagnach leagtha ag Iosrael.

Mar sin, an chéad cheacht atá le baint as an tuiscint a bhíonn ag tíortha áirithe, nach daonlathas go dtí go dtoghtar an páirtí a thaitníonn leo féin.

Ach, b'fhéidir gurb é toghadh George Bush mar uachtarán Mheiriceá, ní uair amháin ach dhá uair, an léiriú is fearr ar an gcor a chuireann an daonlathas uaireanta, ní amháin ar chúrsaí Mheiriceá ach ar chúrsaí an domhain. Cuimhnigh ar líon na vótóirí i Meiriceá nach mbacann le vóta a chaitheamh. Cibé, rinne Meiriceá a rogha agus glactar leis sin.

Mar thoradh air, tá an tóin ag titim as eacnamaíocht Mheiriceá, tá dhá chogadh thubaisteacha tosaithe ag Bush agus na mílte marbh iontu, 4,144 Meiriceánach óg ina measc. Ina aineoinn sin, agus in aineoinn na teachtaireachta ón bpobal go bhfuil siad dubh dóite de, déanann Bush gáire saonta agus leanann sé leis an amaidí go n-inseoidh an aimsir go raibh an ceart aige.

Is é seo an fear a bhí ag brú na Seoirsia go láidir chun tosaigh do bhallraíocht NATO i mBucharest go dtí gur chuir tíortha níos géarchúisí na hEorpa stad leis.

Smaointigh ar impleachtaí a leithéide de chinneadh dá dtabharfaí an bhallraíocht sin don tSeoirsia san Aibreán.

Nárbh oiriúnach an oidhreacht í ag Bush an choimhlint mhór dheireanach a thosú?

Bhíodh sé de nós ag fear eile a charbhat a chogaint: Stanley Laurel. Ní gá cuardach rófhada a dhéanamh chun Hardy a aimsiú.