Dúnmharú agus duais

Tá saoirse le fáil ag an scríbhneoir Gaeilge i nGort na mBleachtairí


Nuair a shocraigh Anna Heussaff a bheith ina scríbhneoir lánaimseartha 12 bliain ó shin, lean sí comhairle Toni Morrison agus thosaigh sí ag scríobh leabhair a ba mhaith léi féin a léamh.

Bhí an t-ádh léi mar gur thaitin na leabhair sin le léitheoirí, léirmheastóirí agus moltóirí comórtais.

Anois tá a tríú scéal bleachtaireachta, Scáil an Phríosúin, i ndiaidh duais mhór a bhaint i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2015.

Mistéir dúnmharaithe atá ann ina gcastar arís orainn cuid de na príomhcharachtair ón dá úrscéal bhleachtaireachta a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht roimhe seo, Bás Tobann agus Buille an Bháis.

READ MORE

An tráth seo, tá Aoife Nic Dhiarmada tagtha go Baile Átha Cliath ar cuairt ag a hiníon atá ag freastal ar an ollscoil ann nuair a mharaítear bean a bhfuil aithne aici uirthi.

Tá an Garda Réamonn Seoighe, ar chuir sí aithne air i mBeanntraí agus leathinis Bhéarra sna scéalta roimhe seo, aistrithe go dtí an ardchathair agus é ag obair ar an chás céanna.

“Theastaigh uaim scéal cathrach a scríobh agus scéal a shuíomh i mo cheantar féin, Cill Mhaighneann,” a deir an Baile Átha Cliathach seo.

“Is ceantar suimiúil agus spreagúil é agus tá an-chuid éagsúlachta agus an-chuid staire ag baint leis.

“Roghnaigh mé an áit i dtosach agus ní raibh le déanamh agam ansin ach smaoineamh ar an scéal.”

Nuair a bhreathnaigh sí thart le súil an scéalaí ar an cheantar, chonaic sí Príosún Chill Mhaighneann, áit ina raibh scannánaíocht déanta aici cúpla uair nuair a bhí sí ag obair mar léiritheoir teilifíse in RTÉ.

D’aithin sí go raibh atmaisféar ar leith sa phríosún a bheadh oiriúnach do láthair dúnmharaithe.

Sheachnaigh sí an cathú chun scéal agus macallaí 1916 sa phríosún a scríobh mar fhicsean éadrom ach thapaigh sí stair an phríosúin sa 19ú haois le scéal faoin chaidreamh idir tiarna talún agus bean dá chuid tionóntaí a insint agus é a fhí tríd an scéal comhaimseartha bleachtaireachta.

D’éirigh Heussaff as a post léiritheora in RTÉ, bíodh is go raibh an obair spreagúil agus suimiúil i gcónaí.

Bhí brú ama agus dianspriocanna i gceist go rialta ag tréimhse nuair a b’fhearr léi tuilleadh ama a chaitheamh sa bhaile lena mac óg agus a fear chéile.

Bhí súil aici go dtiocfadh léi an t-am sin sa bhaile a bheith aici mar scríbhneoir cruthaíoch.

Is léir uirthi féin is ar a saothar go réitíonn an saol nua sin léi. Shocraigh sí breathnú ar an chéad úrscéal mar eachtra di féin agus nuair a glacadh go fonnmhar le Bás Tobann, chinn sí ar leanúint ar aghaidh leis mar shlí bheatha.

“Tá sé deacair a bheith i do scríbhneoir,” a mhíníonn sí, “ní amháin i do scríbhneoir Gaeilge ach i do scríbhneoir in aon teanga. Formhór na scríbhneoirí Béarla in Éirinn, i Sasana nó i Meiriceá, ní thuilleann siad mórán airgid, seachas líon beag daoine a thuilleann airgead mór.

“Ní thuilleann mórán scríbhneoirí a mbeatha ón scríbhneoireacht amháin. Ní bheinn á dhéanamh murach m’fhear céile a bheith ag tacú liom agus é sásta na billí a íoc.”

Déanann sé difear do Heussaff agus do scríbhneoirí eile go mbíonn scéimeanna maoinithe, coimisiúin agus duaiseanna ann anois agus arís a chuireann ar a gcumas leanúint ag scríobh.

Ach más spreagadh iad sin, bíonn gá le hobair eile le hairgead a thuilleamh.

Rinne Heussaff leagan Béarla ar a dara húrscéal nuair a bhí a foilsitheoir Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh aistriúcháin go teangacha eile a éascú.

D’fhoghlaim sí roinnt rudaí as an saothar breise sin, ina measc go bhfuil oiread leabhair bhleachtaireachta i mBéarla go bhfuil sé deacair aon rud as an nua a dhéanamh trí mheán na teanga sin.

Mar sin féin, tá gort Gaelach na bleachtaireachta gan mórán treafa agus saoirse stíle ag an scríbhneoir dá bharr sin.

“I nGaeilge, tá tú in ann pobal léitheoireachta a aimsiú má chuireann tú an obair isteach chun an gréasán a chothú,” a deir sí, agus mórán den tír siúlta aici go ciorcail léitheoireachta agus féilte leabhar lena saothar a phoibliú.

Léann Heussaff féin gach sórt leabhair ach ó thaobh na bleachtaireachta de, tá dúil aici i Ruth Rendell agus an daonnacht a bhaineann lena cuid scéalta agus i nDonna Leon a scríobhann scéalta suite sa Veinéis ina bhfuil bleachtaire sona agus daonna.

Tá leabhair eile eachtraíochta foilsithe ag Anna do dhaoine óga agus seans go dtabharfaidh sí faoi cheann go luath ach is dóigh léi go bhfillfidh sí le leabhar nó dhó eile bleachtaireachta a scríobh amach anseo, bíodh is gur obair mharfach í sin uaireanta.