Cursa raidio

Tá cúpla áit fós le fáil ar chúrsa Dioplóma i Scileanna Raidió, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, …

Tá cúpla áit fós le fáil ar chúrsa Dioplóma i Scileanna Raidió, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Maireann an cúrsa bliain agus cuireann lucht a eagraithe béim ar obair phraiticiúil le linn an ama sin.

De bharr thacaíocht Údarás na Gaeltachta, ní bhíonn táille ar an chúrsa agus íocann an tÚdarás liúntas seachtainiúil le mic léinn.

Pléitear gnéithe éagsúla d'obair raidió, idir iriseoireacht agus chraoltóireacht. Tugtar oiliúint sna scileanna praiticiúla a bhaineann le cúrsaí raidió i stiúideo a bhfuil trealamh fuaime ann.

Caitheann na mic léinn tréimhse oibre le stáisiúin, ina measc Raidió na Gaeltachta, RTÉ Lyric FM agus BBC Thuaisceart Éireann. Tá gné den iriseoireacht chlóite mar chuid den chúrsa agus chuir mic léinn na bliana seo caite forlíonadh le chéile a foilsíodh ar Foinse.

READ MORE

Beidh iarcheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tomás Mac Con Iomaire, ag teagasc ar an chúrsa i gcuideachta na n-iriseoirí Norita Ní Chartúir agus Uinsionn Mac Dubhghaill.

Is fada Ní Chartúir ag obair mar chraoltóir le Raidió na Gaeltachta agus iar-Eagarthóir Gaeilge de chuid an nuachtáin seo agus iar-iriseoir le Nuacht TG4 é Mac Dubhghaill.

Eolas: 091-595101.