Cúrsa dian

TÁ GAELCHULTÚR (www.gaelchultur

TÁ GAELCHULTÚR (www.gaelchultur.com) le dianchúrsa ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a reáchtáil idir lár mhí na Bealtaine agus lár mhí Lúnasa 2010.

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe ar dhaoine ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – MA san aistriúchán, mar shampla – ach atá faiteach nach bhfuil an caighdeán ceart teanga acu.

Tá an cúrsa dírithe fosta ar dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí – agus atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. €450 an costas.

Eolas: 01-6753658