Cuaifeach aduaidh ar bhruacha na Banna


Ar bhruacha na Banna. Lá feanntach fuar. Gaoth pholltach aduaidh.

Siúlaim a ghaiste agus a thig liom leis an teas a choinneáil ionam féin.

Tá an cosán seo deas ciúin, gan coisí ar bith eile le feiceáil ann inniu.

Tuigim go maith dóibh; ní bheinn féin amuigh ag spaisteoireacht dá dtuigfinn i gceart neart na gaoithe. Ba chóir go dtuigfinn.

READ MORE

I mBéal Feirste a bhí mé an mhaidin sin. Thóg mé an bealach ard tuaithe agus chonaic na scamaill ag scuabadh trasna an tsléibhe.

Radharc álainn rómánsúil. Sea, tig le Béal Feirste féin bheith rómánsúil!

Ach an ghaoth aduaidh a bhí ann agus níor thuig mise a faobhar go dtí go raibh mé ar an ísleán.

Tá an ghaoth chéanna mo ropadh gan stad gan staonadh anois.

Sílim dá gcuirinn mo sciatháin féin in airde go rachainn leis an chuaifeach; go n-iompródh sé ó dheas mé; go mbeinn le feiceáil ag eitilt thar Sliabh gCuillinn, ar nós duine den slua sí.

Tá ciall ag na héin nach bhfuil agamsa. Tá an ghaoth róláidir ag an phocaire gaoithe; feicim í ag dul abhaile. Ní thig léi seilg ar lá mar seo. De ghnáth, tig leis an phocaire gaoithe an t-aer a lúbadh de réir a tola féin. Ní hamhlaidh inniu. An ghaoth a cheansaíonn an t-éan.

Ar bhruach ar an taobh thall den abhainn a fheicim í – corr réisc.

Is éan thar a bheith seachtanach é. De ghnáth, má mhothaíonn an chorr réisc duine ar bith ag tarraingt uirthi, éiríonn sí in airde go tobann.

Ní mhothaíonn an t-éan mé an iarraidh seo. A droim leis an ghaoth, tá a cloigeann faoi cheilt ar a cliabh. Tá a cuid cleití ag damhsa mar a bheadh méarchlár ar phianó ann; seal thuas; seal thíos.

Déanaim moill. Ní chorraíonn sí go fóill beag. Éiríonn a cloigeann as a cliabh faoi dheireadh; an rinn sin de ghob buí le sonrú go soiléir.

Síneann sí a ceann i dtreo an uisce agus cuireann an radharc laoch Másaíoch i gcuimhne dom.

Níl an t-éan sásta lena bhfuil le feiceáil. Cúlaíonn an cloigeann siar ar ais go cliabh.

Níl iascaireacht ná iascaireacht le déanamh inniu, is cosúil.

Tá an abhainn róshuaite nó, b’fhéidir go díreach, go bhfuil an chorr réisc ar nós an duine féin agus í drogallach aghaidh a thabhairt ar an fhuacht.

Faoi chúpla slat den chorr réisc atá eala. Í ar nead. Tá ciall ag an eala; a tóin te teolaí faoi thuí.

PÓL Ó MUIRÍ