Cosaint na Gaeltachta faoin Acht Pleanala

De réir an Acht Pleanála 2000 tá dualgas reachtúil anois ar gach údarás pleanála le ceantar Gaeltachta faoina gcúram an cuspóir…

De réir an Acht Pleanála 2000 tá dualgas reachtúil anois ar gach údarás pleanála le ceantar Gaeltachta faoina gcúram an cuspóir seo leanas a bheith ag an bpróiseas pleanála: "the protection of the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht including the promotion of Irish as the community language, where there is a Gaeltacht area in the area of the development plan."

Ba mhaith liom súil a chaitheamh ar na contaetha éagsúla le ceantair Ghaeltachta iontu, féachaint cén chaoi a bhfuil ag éirí leo cosaint a thabhairt d'oidhreacht teanga na Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.

Tuairiscíodh ar an Kerryman gur cháin an Bainisteoir Contae i gCiarraí, Martin Nolan, a chuid comhairleoirí contae faoin damáiste fairsing atá déanta do thimpeallacht Chiarraí le blianta beaga anuas de bharr a gcuid iarrachtaí cur isteach ar an bpróiseas pleanála.

Labhair sé óna chroí faoin tubaist timpeallachta atá ag bagairt ar Chiarraí. Tá tubaist teanga ag bagairt chomh maith ar Iarthar Dhuibhneach, an t-aon Ghaeltacht atá fágtha i gCúige Mumhan, a bhféadfaí a rá faoi, go bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar mar ghnáth-theanga labhartha i measc an phobail.

READ MORE

Tá tithe dhá cheadú go fairsing ann gan aird ar chúrsaí teanga. As 170 teach atá i nDún Chaoin, is tithe saoire 109 acu. Na tithe a bhfuil cónaí iontu ar feadh na bliana, is daoine gan Ghaeilge atá sa gceathrú cuid acu.

Tá sráidbhaile beag amháin, Baile an Fheirtéirigh, faoi léigear. Tá scéim amháin de naoi dteach tógtha cheana féin agus bhí fógra pleanála ar Kerry's Eye le gairid le scór eile teach a thógáil ar imeall an tsráidbhaile. Tá scéim tithe tosaithe sa sráidbhaile, ina mbeidh 19 teach comhairle contae.

Ag an bpointe seo, níl sé i gceist critéir teanga a chur san áireamh agus daoine á roghnú ón liosta tithíochta le cónaí sa scéim. Ach dúradh liom gur cheist í a mbeadh ar Chomhairle Contae Chiarraí aghaidh a thabhairt air.

Bhí deis ag comhairleoirí Chiarraí anuraidh féachaint chuige go dtabharfaí cosaint d'oidhreacht bheo na Gaeilge in Iarthar Dhuibhneach agus plean nua forbartha á réiteach acu - ach cliseadh orthu.

Glacadh le Plean Forbartha Chiarraí mí na Nollag seo caite. Beidh an plean i bhfeidhm go ceann sé bliana agus níl aon chosaint shoiléir ann don Ghaeilge mar theanga phobail.

Tá neart faoi thábhacht na Gaeilge sa phlean agus tá béim mar is ceart curtha ar chosaint a thabhairt don Bhlascaod ach, nuair atá deireadh ráite, níl aon rud sonrach sa phlean a deir go ndiúltófar cead ar iarratais phleanála d'fhorbairtí tithíochta a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeilge sa phobal.

Tá mír amháin dearfach faoin nGaeilge sa phlean: "It is an objective of the Council to facilitate the provision of housing by housing associations and similar organisations for those who use the Irish language as their primary means of communication."

Cuirfear ceist na Gaeilge san áireamh ach an leor é sin le bac a chur ar fhorbairtí tithíochta a bheas ag mealladh daoine, nach cainteoirí Gaeilge iad, isteach sa gceantar? Níor oibrigh "cuirfear san áireamh" rómhaith cheana i gcás na Gaeilge.

Gaeltacht bheag eile is ea Ráth Cairn. Tá polasaí láidir teanga ag an gComhairle Contae, maidir le forbairt tithíochta a cheadú sa Ghaeltacht. Tá sé ráite go soiléir sa bPlean Forbartha 2001-2006, go bhfuil sé mar aidhm ag an gcomhairle "fás agus forbairt na Gaeilge a chinntiú".

Iarrtar Staidéar Tionchar Teanga le gach iarratas ar theach a thógáil, fiú amháin teach aonair agus deirtear go neamhbhalbh sa phlean nach dtabharfar "tacaíocht d'aon fhorbairt a mbeidh drochthionchair aige ar an nGaeilge". Ag caint le daoine sa cheantar, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an polasaí ag obair.

I gcás na Gaillimhe, tá sé leagtha síos sa bplean forbartha a tháinig i bhfeidhm bliain ó shin, go ndiúltófar d'aon fhorbairt a mbeadh "significant negative impact" aige ar an nGaeilge sa Ghaeltacht. Ó glacadh leis an bplean forbartha nua, tá coinníollacha dochta teanga á leagan síos i nGaeltacht Chonamara.

Tugtar cead do scéim tithe nó árasán ar an gcoinníoll seo: "Prior to the commencement of the development, the applicant shall enter into a legal agreement with the planning authority, the purpose of which shall be to restrict or regulate the development here permitted for the use of occupants who have an appropriate competence/fluency in the Irish language."

Ach beidh deacracht an coinníoll sin a chur i bhfeidhm mar nach bhfuil aon bhealach ag Comhairle Contae na Gaillimhe cumas teanga daoine a mheas.

Tá moladh fiúntach déanta ag Glór na nGael, an Spidéal, go mbunófaí Aonad Meastóireachta a bhainfeadh úsáid as taithí chigirí Roinn na Gaeltachta san obair seo le daoine a mheas ó thaobh a bhfeiliúnachta Gaeilge de.

Tá tubaist teanga á bhagairt ar Ghaeltacht na nDéise. Tá ceithre eastát tithíochta tógtha le 34 teach iontu sa Rinn le blianta beaga anuas agus tá obair tosaithe ar cheithre eastát eile ina mbeidh 28 teach.

Chomh maith leis sin, tá cead pleanála tugtha ag an gcomhairle contae le sé eastát eile a thógáil ina mbeidh 52 teach. Tá baol mór ann nach mbeidh pobal na Gaeilge sa Rinn in ann déileáil leis an rabharta mór daoine gan Ghaeilge a bheas ag tíocht le cur fúthu ina measc.

Dá mba é an oidhreacht fhisiciúil nó an dúlra a bhí á chur i mbaol, bheadh eagraíochtaí ar nós An Taisce ag cur ina aghaidh.

Is cosúil go bhfuil sé mar pholasaí ag an áisíneacht stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air, Údarás na Gaeltachta, seasadh siar ó chonspóidí pleanála agus é a fhágaint faoi dhaoine aonaracha nó eagraíochtaí áitiúla dul i ngleic lena gcomharsana.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Comhairle Contae Chorcaí ina bPlean Forbartha nach gcuirfear aon bhac ar fhorbairtí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeilge i gcás go mbeadh buntáistí ann d'inmharthanacht an phobail.

Tá Gaeltacht Mhúscraí lag ó thaobh úsáid na Gaeilge dhó. Cé go bhfuil Gaeilge ag 83 faoin gcéad den phobal de réir Daonáirimh 2002, níl sí á húsáid mar ghnáth-theanga cumarsáide ag mórán daoine.

Ní bhfuair ach 9 faoin gcéad de na teaghlaigh le gasúir scoile Deontas Iomlán Labhairt na Gaeilge sa mbliain 2001/02. An fiú bac a chur ar dhaoine gan Ghaeilge lonnú san áit nuair nach mbaineann an pobal féin mórán úsáide aisti?

Is ar éigean go dtugann Comhairle Mhaigh Eo aitheantas ar bith don chuspóir reachtúil atá leagaithe síos san Acht Pleanála i dtaobh chosaint na Gaeilge de.

Ach is deacair teanga nach labhartar a chosaint.

Níl ach dhá phóca i Maigh Eo a bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil smeadar Gaeilge á labhairt iontu: An Cheathrú Thaidhg agus Eachléim. Níl aon cheo i bplean Mhaigh Eo a thabharfadh cosaint speisialta do na ceantair sin.

Tá Dún na nGall fós ag úsáid plean forbartha a réitíodh roimh theacht i bhfeidhm an Acht Pleanála. Tá dréachtphlean áitiúil réitithe do cheantar Ghaoth Dobhair nach bhfuil foilsithe ach tá sé feicthe agam.

Tugtar neart béalgrá don teanga sa phlean áitiúil ach, cosúil le plean Chiarraí, níl sé ráite nach gceadófar forbairtí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do sheasamh na Gaeilge mar theanga phobail.

Thug an tAcht Pleanála 2000, tacaíocht reachtúil do chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Is féidir anois stop a chur le heastáit tithíochta má léirítear go bhféadfadh sé dochar suntasach a dhéanamh do sheasamh na Gaeilge mar theanga phobail.

Tá aitheantas tugtha d'Údarás na Gaeltachta sa gcóras pleanála ach is cosúil go bhfuil sé mar pholasaí ag an Údarás gan a ladar a chur isteach i gcás aon iarratas sonrach agus an cúram a fhágaint faoi ghrúpaí pobail.

An leor a bheith ag súil go mbeidh daoine aonracha sa phobal nó fiú coistí pobail sásta dul i ngleic lena gcomharsana, comharsana atá ag iarraidh airgead mór a dhéanamh as talamh a dhíol le haghaidh tithíochta?

Más comórtas idir saint agus díogras é, is ag an tsaint a bheas an bua. Tá Gaeltachtaí i mbaol a mbáite ag eastáit tithíochta a mheallfaidh daoine gan Ghaeilge isteach.

Níl sé inghlactha go mbeadh eagraíocht stáit a bunaíodh leis an Ghaeilge a leathnú mar theanga phobail sa Ghaeltacht ag seasamh siar ón troid atá le déanamh leis an nGaeilge a chosaint.