Comhaireamh agus creideamh

Tá mata spéisiúil sa Bhíobla ach é a lorg

Nach iontach nuair a chuirtear na seanréabhlóidithe i gcumhacht gur réabhlóid mhaide a fhógraíonn siad?

B’fhéidir nár sheanréabhlóidí riamh é an tAire A Ligeann Air Gur Féidir an Saol a Chur Bun Os Cionn, ach duine de na coimeáduithe úd i gcraiceann na n-uan a ligeann orthu go bhfuil an saol le réiteach acu.

Bhí Ruairí Quinn riamh mar sin, mar is ball den Locht Oibre é, agus cad eile a dhéanfadh sé ach leithscéal a lorg i gcorplár an chlísé istigh?

Dar leis, dá múinfí níos lú reiligiúin agus níos mó den mhatamaitic, bheadh an saol ina cheart. Is í an mhatamaitic a leigheasfaidh gach fadhb siar amach. Níl aon amhras ná dá gceapfaí matamaiticeoirí i mbun an Stáit nach mbeadh fadhb ar bith againn.

READ MORE

Ach nach róbhaol gur matamaiticeoirí a bhí i mbun pholasaithe sóisialta le fada an lá, mar cad eile a bhí sna cuntasóirí agus sna baincéirí a shocraigh go mbochtófaí an gnáthphobal de dhroim oíche?

Tá an saol mar sin, draíocht na bhfigiúirí seachas draíocht na bhfocal in airde, agus féach cad a ráinig dúinn?

Ná bíodh aon chorrabhuais orthu siúd a cheapann go bhfuil deighilt idir staidéar reiligiúin agus staidéar saolta, áfach.

Staidéar
Mura ndéanfaí ach staidéar reiligiúin seachas aon rud eile i scoileanna na tíre bheadh láneolas ar mhatamaitic agus ar stair agus ar litríocht, i bhfad níos mó ná mar a bheadh ag teastáil le bheith id chuntasóir nó id bhaincéir chun do chrág a chur isteach i bpóca an duine eile.

Cad é cruinn díreach an choimhlint idir an Chríostaíocht agus an mhatamaitic? Tá aon Dia amháin ann (1), agus dhá mhórleabhar sa Bhíobla (2), nó dhá phápa más fearr leat sin. Tá trí phearsa (3) sa Tríonóid Naofa, agus ceithre (4) shoiscéal agus marcaigh na hapacailipse araon, cúigear (5) maighdean gan chiall a dhearmad a gcuid ola; sé (6) lá a d’oibrigh an duine agus ansin bhí sos aige gur tháinig ann don chaipitleachas; seacht gcinn (7) de shuáilcí an Spioraid Naoimh agus de pheacaí marfacha, ochtar (8) a sábháileadh ón Airc, ar an naoú (9) huair a fuair Íosa bás, deich gcinn(10) d’aitheanta a bhfuil feidhm leo ann is as, aon duine dhéag (11) d’aspail tar éis do Iúdás cur as dó féin, dhá léigiún déag (12) d’aingil lasnairde...Ní bheadh thiar ar dhuine ar bith a mbeadh an méid sin ar eolas aige.

Tá uimhríocht i bhfad níos suimiúla ná sin sa Bhíobla, gan amhras, an té a rachadh isteach ann is nach bhfágfaí ann é. Is é is soiléire ná uimhir na béiste a bhfuilimid ar fad ag fanacht leis.

Níor tharla aon rud faoi leith a chraith an domhan sa bhliain 666, agus cé go raibh 1666 dona go leor, ní fios cad a bheidh romhainn fós amach sa bhliain 2666.

Níl aon amhras ná go bhféadfadh múinteoir ar bith lánleas a bhaint as an staidéar reiligiúin d’fhonn cur le heolas matamaitice na ndaltaí.

Cuir i gcás: má thit an áirithe seo clocha nuair a leagadh fallaí Ireachó le gach séideadh trumpa, agus má bhí dhá scór duine ina sheasamh laistiar de na fallaí, agus má briseadh cloigeann an tríú cuid díobh lúide an seachtú ochtódú a tháinig slán, an mó duine a bhí ábalta ar dheoch a ól an oíche sin i dtábhairne na háite ag glacadh leis go n-ionsófaí an ceathrú cuid díobh ar an mbóthar abhaile agus sinn ag déanamh talamh slán de gur bréaga a bhí á n-insint ag an tríú cuid de na faisnéiseoirí, tuairim is, mar adéarfa? Freagra ar chárta.

Tá focail teanga níos scaoilte fós, a bhuí le gach anáil. Tá friotal an Bhíobla chomh daingean leis an ionga laidhre ionfhásta i dteangacha iarthar domhain. Cé a mhalartódh úrscéalta Frank McCourt nó Jane Austen (go ró-áirithe) ar fhrásaí macallacha an Bhíobla?

Tá ár n-urlabhara pulctha siar síos leo – “ar nós gadaí san oíche”, “níl rud ar bith nua faoin spear”, “mac imreasán na súile é”, “dá siúlfainn i ngleann an dorchadais níor bhaol liom an t-olc”, “fíonchaora searbha”, “cosúil mo ghrá le heilit nó le fia óg ag léim”, “bhí mé i mo gach ní do gach duine”, “mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh”, “gach duine a thógfaidh claíomh is le claíomh a thitfidh sé”.

An duine nach bhfuil cur amach éigin aige ar an mBíobla tá sé aineolach ar litríocht na gciníocha, ar ealaín na hEorpa, agus ar cheol na gcumadóirí móra, ar a laghad.

Is é sin is cuma nó amadán é. Tá, gan amhras, i bhfad níos fusa an dallamullóg a chur ar phobal aineolach seachas ar cheann a bhfuil oideachas air. B’fhéidir gur chuige sin a bhí sé.