Cluiche filiúnta

IS É Anois Tacht an Eala (An Sagart, €20) ainm an leabhair nua leis an fhile agus scoláire, Tadhg Ó Dúshláine

IS É Anois Tacht an Eala(An Sagart, €20) ainm an leabhair nua leis an fhile agus scoláire, Tadhg Ó Dúshláine. "Filí Chorcaí INNTI agus an réabhlóid chultúrtha" is fotheideal don leabhar ina scrúdaíonn Ó Dúshláine an ghné ar leith sin den iris filíochta, INNTI, ceann de na foilseacháin ba chéimiúla agus ba thábhachtaí i gcur chun cinn na filíochta.

Dúirt Ó Dúshláine leis an cholún seo arú inné gur mheas sé “go raibh sé thar am scéal fhilí chathair Chorcaí a insint, dream nach bhfuair éisteacht ná bheith istigh ó shaoithe na hacadúlachta go dtí go gcaithfeadh na bábhúin géilleadh.

"Thug Hidden IrelandCorkery éisteacht do chábóga na tuaithe, ach d'fhan Corkery agus a chuideachta dall ar oidhreacht "hidden gangland" na cathrach, go dtí gur thug Davitt, Bob Dylan na Gaeilge, a ndúshlán. Níl déanta agamsa ach an fheadóg a shéideadh d'fhonn aird a tharraingt ar ghaisce cultúrtha na reibiliúnaithe cultúrtha san a chuaigh INNTI."

Leis an ghluaiseacht sin a iniúchadh i gceart, scríobhann Ó Dúshláine ar shaothar Mhichael Davitt, Liam Uí Mhuirthile, Louis de Paor agus Choilm Bhreatnach.

READ MORE

Is é “draíocht agus daonnacht na filíochta” príomhsprioc an tsaothair agus déanann sé iarracht gan “dul thar fóir” le teoiricí. Amharcann sé ar a ról sa leabhar mar “réiteoir” agus dualgas air ligean don chluiche gluaiseacht ar aghaidh agus deis imeartha a thabhairt do na ‘hiománaithe’.