Cinnlitreacha a chránn an croí daonna

Cén fáth go roghnaítear cinnlínte áirithe thar cinnlínte eile?

Is ceist í a chránn gach cailín is buachaill is iad sa phram, nó go díreach tar éis dóibh na clúidíní a fhágaint ag an doras. “Cad ba mhaith leat a dhéanamh nuair a fhásfaidh tú suas?” Is é an freagra gonta air sin, nár chuimhnigh aon duine againn air, ná “Ba mhaith liom a bheith níos airde.”

B’fhéidir gur freagra róchliste ar fad a bheadh ann dá ndéarfaí as lár na plobarnaíle, “Ba mhaith liom a bheith sean”.

Is dócha nach raibh garsún óg ar bith nár mhian leis a bheith sa Bhriogáid Dóiteáin nó ina bhuachaill bó in aois a cheithre bliana dó; ach i gcás amháin díobh sin tá an pá suarach, agus sa chás eile, tá an chuid is mó díobh as obair.

Is mó sin cailín ar déanadh tathant uirthi a bheith ina haltra (pá níos measa fós), nó ina mainicín, ach b’fhearr cosa go spéir a bheith ort, agus ocras a fhulaingt sé lá na seachtaine.

READ MORE

Bhí dúil agam féin riamh a bheith im thiománaí leoraí a ghluaisfeadh thar chríocha i gcéin, ach d’imigh cuid den draíocht de na bóithre fada bána coincréiteacha tarramacadamúla sin tar éis dom a bheith orthu tamall rófhada den tslí.

B’é mo dhara rogha a bheith im scríbhneoir cinnlitreacha do na ceirtnuachtáin thablóideacha. Bhíos riamh in éad lena ngontacht, lena ngliocas agus lena ngránnacht. Is dócha go bhfuil “Thar moladh Bertie” seanchaite go maith anois, ach ní heol dom gur bhain aon duine leas as “Lao na himeartha” i gcluiche peile go fóill. Smaoinigh mé ar “an bhunlíne” i gcomhair fógra do jeans ach níor ghlac comhlacht ar bith lem thairiscint go fiú ar phraghas suarach.

B’é sin a phrioc mé le suim a chur i roghnú scéalta na gcinnlitreacha féin. Le tamall anuas bhíos ag faire ar phríomhscéalta na nuachtán smugcheirteacha toisc gan faic a bharra eile a bheith le déanamh agam.

Léigh mé na scéalta féin chomh maith, ach níor thóg sin pioc ama níos mó ná na cinnlitreacha féin, agus tá an domhan brách de scéalta iontu: an fear gorm úd in Texas nár maslaíodh go ciníoch riamh, agus an duine i nGarrán na mBráthar nach raibh cinnte cé a chaithfeadh sé vóta ina choinne, agus an bhean nach ligfeadh dá hiníon fear le tatú a phósadh, agus na lachain ar scorn leo arán is nach n-íosfadh ach cístí milse, agus an taighde a léirigh go heolaíochtúil nach raibh sailéad go maith duit, agus an madra a chuaigh ar neamh is a nocht é féin don teaghlach, agus an banimreoir leadóige a caitheadh amach as an gcomórtas mar bhí sí róghránna.

Is mé atá lándeimhnitheach de, go deimhin suite sealbhaithe gur scéalta iad seo a phléascfadh an cloigeann den chine daonna dá dtuigfí i gceart iad. Is cinnte gur tromchúisí go mór iad ná an cogadh sa tSiria, agus an sléacht sa Chongó, agus díothú na foraoise sa Bhrasaíl, agus truailliú leanúnach na timpeallachta, agus polaiteoirí a bhfuil a lámh id phóca, agus baincéirí a chreach an saol.

Is ar an gcuma chéanna nár chuir an scéal faoi agallamh éigin a dhein an Pápa Proinsias inar luaigh sé hómoghnéasachas agus ginmhilleadh aon iontas orm, pé construáil a buaileadh air. Ní hé nach bhfuil a dtábhacht féin, agus tábhacht mhór ag baint leis an dá ábhar sin, go háirithe dóibh siúd atá ag fulaingt agus i bpéin.

Ach b’é b’ionadh liom go raibh sé smeartha mar scéal ar fud na bileoige tosaigh den nuachtán seo, agus nach raibh ar mheanma nuachtán eile ach é. B’ionadh liom é mar is mó ráiteas réabhlóideach atá déanta ag an bProinsias céanna nach bhfacthas i ngiorracht scread airgid den chéad leathanach.

Mí Iúil seo caite, mar shampla fánach amháin, dúirt sé Aifreann in Lampadusa na hIodáile agus labhair ar an 20,000 éigin imirceach a báthadh agus iad ag iarraidh dúnphort daingean na hEorpa a bhaint amach. Bhí de chineáltas ann nár dhathaigh sé a chuntas le focailphictiúir de chorpáin ar an dtrá, ná de leanaí a raibh a súile ag na portáin.

"Cé tá freagrach as fuil na ndeartháireacha agus na ndeirféaracha seo?" a
d'fhiafraigh sé, agus fuair sé freagra mór an chiúnais.

Is de shuimiúlacht nach raibh an chaint seo ar chinnlínte na nuachta, ná nár scríobhadh eagarfhocail timpeall air. Níor tionscnaíodh caint ar na cláir chabaireachta agus níor phreab na litreacha chun na nuachtán.

Mo thuairim féin gur chuaigh sé thar fóir, agus dá labhródh sé ar chomórtais áilleachta do ghirseacha óga, nó inscne an linbh nach raibh fós ag Réalta Ní Áilleagáin, nó na béilí móra beadaí atá á stuáil isteach i bpríosúnaigh i gcarcracha an tsaoil, gur túisce go mór a thabharfaí cluas le héisteacht dó.