Cinneadh Cowen cainte mar 'bhuille'

Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine gur chuir an tAire Airgeadais, Brian Cowen, deireadh leis an chleachtas marcanna breise…

Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine gur chuir an tAire Airgeadais, Brian Cowen, deireadh leis an chleachtas marcanna breise a thabhairt do státseirbhísigh as bheith cumasach i nGaeilge.

Ag caint i mBéarla, shéan urlabhraí thar ceann an Roinn Airgeadais go raibh deireadh leis an chóras ina dtugtar marcanna breise d'iarrthóirí le Gaeilge ar ardú céime sa státseirbhís. Mhairfeadh na marcanna breise do chomórtas fostaíochta seachtrach, is é sin, do gach aon duine a bhí ag cur isteach ar phost sa státseirbhís agus do chomórtais inmheánacha idir-ranna, a dúirt an t-urlabhraí.

D'fhéadfaí na marcanna breise a bhronnadh faoi dhiscréid i gcomórtais agus in ardú céime taobh istigh d'aon roinn amháin. "Soiléiriú" a bhí déanta ag an Aire ar an chóras earcaíochta inmheánach, a dúirt an t-urlabhraí.

D'ainneoin sin, ní raibh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó an Coimisinéir Teanga sásta leis an athrú. De réir na Comhdhála: "Buille tromchúiseach eile in aghaidh na Gaeilge (é) ... go bhfuil an tAire Airgeadais, Brian Cowen T.D. tar éis deireadh a chur leis an gcóras a tugadh isteach i 1973 le cinntiú go mbeadh dóthain daoine le Gaeilge fostaithe sa státchóras.

READ MORE

"Céim mhór ar gcúl atá sa chinneadh seo ag an Aire. Is anois níos mó ná riamh agus tús ceart á thabhairt d'fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil daoine le Gaeilge ag teastáil chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil."

Dúirt stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh, gur iarracht a bhí i gcinneadh an Aire an córas a lagú. Bhí an méid a bhí beartaithe aige "an-diúltach" go háirithe agus an tAcht Teanga anois faoi ionsaí.

Shíl sé go raibh "níos mó dochair sa teachtaireacht ná sa ghníomh"; ba chuma leis faoin sé faoin gcéad de mharcanna breise ach níor chuma faoin teachtaireacht féin.

Bhí Ó Ceithearnaigh den tuairim gur léirigh cinneadh an Aire seanchur chuige lochtach ina bhfuarthas réidh le gné teanga agus nár cuireadh rud ar bith ina háit.

Chreid sé go raibh "iniúchadh cuimsitheach neamhspleách" déanta ag an Choimisinéir Teanga ar fheidhmiú na Gaeilge sa státseirbhís ina thuarascáil bhliantúil, tuarascáil a bhí ag an Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

D'iarr sé ar Ó Cuív an tuarascáil a chur os comhair Thithe an Oireachtais láithreach le go mbeadh deis ann a raibh scríofa ag an Choimisinéir Teanga a phlé.

D'iarr sé fosta ar an Aire Airgeadais "a chinneadh a tharraingt siar go dtí go mbíonn plé ar thuairisc an Choimisinéara thart agus córas níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla aontaithe agus réidh le cur i bhfeidhm, más gá sin a dhéanamh".

Rinne an colún seo teagmháil leis an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ach dúirt sé nach dtiocfadh leis aon rud a rá faoi láthair. Dhírigh sé ár n-aird ar an phreasráiteas a d'eisigh sé Dé Domhnaigh: "Bhí córas na marcanna breise mar bhunchloch ag polasaí an Stáit le cinntiú go mbeadh dóthain foirne inniúil ar an nGaeilge ag leibhéil éagsúla den státseirbhís. Tá a bhfuil i gceist i dtuairisc nuachta an lae inniu an-tromchúiseach.

"Tá an t-ábhar seo pléite go cuimsitheach agam i mo thuarascáil bhliantúil don bhliain 2005 a cuireadh ar aghaidh tráthnóna Dé hAoine seo caite, de réir Alt 30 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

"Braithim go bhfuil cosc orm tuilleadh a rá faoin ábhar nó an tuarascáil a fhoilsiú go dtí go leagtar an doiciméad sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, de réir an Achta."

Dúirt urlabhraí thar ceann an Aire Ó Cuív go gcaithfear tuarascáil an Choimisinéir Teanga a chur faoi bhráid an Rialtais ar dtús agus an Oireachtais ina dhiaidh sin. Déanfar é sin in am tráth.