Ceol tíre idir Nashville, Newry agus an tIúr


Chuir an t-amhránaí Daniel O’Donnell agus láithreoir BBC Tuaisceart Éireann, Lynette Fay, tús le sraith nua de Opry an Iúir aréir.

Bhí ceolchoirm mhór i halla na cathrach ar an Iúr leis an chúigiú sraith de chlár TG4 a cheiliúradh agus deis arís eile ag lucht ceol tíre cúpla amhrán a rá i nGaeilge agus i mBéarla.

Is é is cuspóir leis an tsraith blas den Grand Ole Opry i Nashville a thabhairt go hÉirinn agus craolfar na ceolchoirmeacha lá níos faide anonn ar TG4.

Is iad The High Kings a bheas ag seinm san oíche anocht, iad díreach i ndiaidh filleadh ó chamchuairt sna Stáit Aontaithe.

READ MORE

Mura leor sin, beidh beirt bhuaiteoirí ICMA ina gcuideachta, nuacheoltóir na bliana Clíona Hagan agus an fear a bhain an ghradam don bhanna damhsa tuaithe is fearr sa tír, Michael English.

Beidh an grúpa The Three Amigos – Robert Mizzell, Patrick Feeney, agus Jimmy Buckley – ag ceol san oíche amárach agus beidh Trudi Lalor leo, amhránaí atá ag plé leis an cheol tíre ó bhí sí ina déagóir.

Beirt laoch mhóra de chuid an cheol tíre, T.R. Dallas agus Derek Ryan, a chuirfidh deireadh leis an tsraith oíche Chéadaoin. Is í Eleanor McEvoy an t-aoi speisialta a bheidh ina gcuideachta don oíche sin.

Ag 7pm a osclóidh na doirse. £17.50 atá ar na ticéid agus tá roinnt ar fáil go fóill. Eolas: 048-41773618 nó www.bigmountainproductions.com/opry