Cen chaint?

Sampla eile, má bhí sampla eile de dhíth, den chlár cúng cultúrtha a leanann na meáin Bhéarla a laghad aird a thug siad ar an…

Sampla eile, má bhí sampla eile de dhíth, den chlár cúng cultúrtha a leanann na meáin Bhéarla a laghad aird a thug siad ar an díospóireacht Dála faoin Ghaeilge Dé Céadaoin seo caite.

Mhair an díospóireacht dhá uair an chloig agus tá beagnach 11,000 focal de chaint ar shuíomh Idirlín na Dála faoin ábhar.

Ar éirigh tú dall ar na tuairiscí nuachta i mBéarla faoina raibh le rá ag Aire, Teachtaí Dála agus ceannaire páirtí? Ar bhain tú pléisiúr as Éamon Ó Cuív agus é ag cosaint Acht na dTeangacha Oifigiúla agus páirtithe an fhreasúra á cháineadh as a bheith chomh fadálach sin á chur i bhfeidhm?

Nó ar bhain tú sult as an sonc a chuir Ó Cuív ina chomhpholaiteoirí nuair a chuir sé críoch leis an díospóireacht le líne mheidhreach: "Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar fad, a phléigh gach aon rud seachas an rún atá os comhair an Tí"?

READ MORE

Ní fhaca tú focal de? Cá hiontas!

Tá an díospóireacht iomlán le fáil ag www.oireachtas.ie Is ar an Chéadaoin 15ú Feabhra 2006 a reáchtalaíodh í.