Ceannairc na gceanneagraíochtaí

‘Géarchéim’ san earnáil

Tá “géarchéim” in earnáil na Gaeilge de réir na sé cheanneagraíochtaí a fuair maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ag tús na bliana seo. D’eisigh na heagrais, atá freagrach as cur chun na teanga i measc an phobail, d’eisigh siad ráiteas inniu inar thug siad le fios go raibh siad ar lorg cruinnithe leis na hairí cultúir thuaidh agus theas lena gcás a phlé.

Bhí siad den bharúil go raibh “ag teip ar an bpróiseas athchóirithe” a bhí ar siúl ag an fhoras agus go raibh seirbhísí Gaeilge i mbaol dá bhrí sin. Dúirt siad go raibh laghdú foirne agus ísliú i leibhéal na bpostanna san earnáil dheonach; nach raibh bainistiú athraithe á chur i bhfeidhm mar ba cheart agus go raibh “luas míchuí leis an bpróiseas”.

Le cois cruinniú a lorg leis na hairí, bhí siad ag iarraidh ar lucht an fhorais teacht ar “chomhréiteach” faoi na deacrachtaí a bhí ann faoi láthair.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times