Cead a chinn ag Chirac

The French electorate have rejected the tradition of cohabitation and the Left, writes Máiréad Ní Chinnéide

The French electorate have rejected the tradition of cohabitation and the Left, writes Máiréad Ní Chinnéide

Ní maith an rud é uachtarán den eite dheis bheith i gceannas ar an Fhrainc agus príomhaire den eite chlé i gceannas ar an pharlaimint." Lánúin as Lyon, a raibh a gclann ar scoil go fóill, a bhí ag caint liom ar láthair champála i ndeisceart na Fraince, coicís roimh an olltoghchán don Chomhthionól Náisiúnta.

B'ábhar buartha dóibh an líon mór inimirceach a bhí tar éis cur fúthu sa bhruachbhaile a raibh siad ina gcónaí ann. B'iad faoi deara tromlach na coiriúlachta a bhí ar siúl sa cheantar. Chuirfeadh rialtas sóisialach bac ar an uachtarán Chirac an lámh in uachtar a fháil ar an choiriúlacht, dar leo.

Léiríonn torthaí an chéad bhabhta vótála Dé Domhnaigh, go bhfuil tromlach lucht vótála na Fraince den tuairim chéanna, is é sin, nach maith an rud an cohabitation, mar a thugtar air, don tír agus go mbeidh móramh iomlán ag an UMP, an comhaontú a thacaíonn le Jacques Chirac, tar éis an dara babhta an Domhnach seo chugainn.

READ MORE

Tá cuid mhór den mhilleán le cur ar na Sóisialaigh féin as an scéal bheith amhlaidh. Le linn fheachtas na huachtaránachta bhí siad ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar an phobal go raibh sé thar am deireadh a chur leis an cohabitation.

Ag an am sin, shíl siad gurbh é a gceannaire féin, Lionel Jospin, a bheadh ina uachtarán. B'éigean dóibh a bport a athrú tar éis toghadh Chirac. Níor léir gur éirigh leo cur ina luí ar an phobal go mbeadh éifeacht le cohabitation nua.

Theip orthu fosta aontú ar cheannaire. De réir pobalbhreithe a rinneadh an tseachtain seo caite bhí 45 faoin gcéad de lucht leanúna na heite clé féin den bharúil nach raibh ábhar príomhaire in aon duine den cheachtar ceannairí sóisialacha a bhí tar éis iad féin a chur chun tosaigh tar éis éirí as Jospin.

"Ní léir go bhfuil rud ar bith foghlamtha acu ó bhí toghchán na huachtaránachta ann."

Bean as Perpignan san iardheisceart a dúirt é sin liom. Is ag tagairt a bhí sí sin don líon mór iarrthóirí, 8,446 acu, a bhí le seasamh don 577 suíochán sa Chomhthionól.

Iarmhúinteoir scoile í a bhí tar éis dul ar phinsean go luath. Dála fhormhór lucht na gairme sin thaobhaigh sí i gcónaí leis an eite chlé.

Ach mar gheall ar an "phraiseach" a rinneadh sa chéad bhabhta de thoghchán na huachtaránachta b'éigean di, in éadan a tola, vótáil ar son Chirac sa dara babhta chun ceannaire an Fhronta Náisiúnta, Jean Marie Le Pen, a choinneáil amach.

Agus 15 iarrthóir ar an mheán i ngach ceann de na toghcheantair, mheas sí go gcuirfeadh an líon mór iarrthóirí mearbhall ar na vótóirí agus nach mbacfadh a lán acu le vótáil ar chor ar bith. Bhí an ceart aici. 38 faoin gcéad a staon ó vótáil.

Shíl sí fosta toisc an méid sin iarrthóirí bheith ann go mbeadh sé fíordheacair d'iarrthóir ar bith an 50 faoin gcéad den vóta a fháil a chinnteodh suíochán dó agus go dtiocfadh an Fronta Náisiúnta i dtír air sin.

Is léir go raibh na tuairisceoirí polaitíochta sna nuachtáin den bharúil chéanna.

Ó lár na seachtaine seo caite bhí siad ag cur fainice ar an phobal faoi pháirtí Le Pen. Bhí ailt ann faoin dea-eagar a bhí ar an pháirtí agus iarrthóirí acu i 567 de na toghcheantair agus faoin lucht tacaíochta gníomhach a bhí acu.

BA léir go raibh eagla ar na tuairisceoirí beag is fiú a dhéanamh den Fhronta Náisiúnta mar a rinneadh i bhfeachtas na huachtaránachta.

Tráthnóna Dé Sathairn bhíothas ag tuar go bhféadfadh iarrthóirí an Fhronta Náisiúnta bheith san iomaíocht i 300 toghcheantar an Domhnach seo chugainn.

Tá an chuma air gur thug an pobal, nó an méid acu a thug vóta, aird ar an rabhadh. Tá a suíocháin cinntithe cheana féin ag líon suntasach iarrthóirí de chuid an UMP.

Tá líon na n-iarrthóirí de chuid an Fhronta Náisiúnta ar éirigh leo dul ar aghaidh go dtí an dara babhta roinnt mhaith níos lú ná mar a bhí san olltoghchán in 1997.

Ní mheastar anois go n-éireoidh leis an pháirtí níos mó ná dhá shuíochán a fháil sa Chomhthionól.

Ach má tá droim láimhe tugtha ag tromlach mhuintir na Fraince le ciníochas an Fhronta Náisiúnta, tá droim láimhe tugtha acu fosta leis an sóisialachas nó leis an chineál sóisialachais a bhí á chleachtadh le cúig bliana anuas - agus tá deireadh ar fad leis an Pháirtí Cumannach.

Tá cead a chinn tugtha acu do Chirac a pholasaithe dianslándála a chur i bhfeidhm.