Caimléireacht scrúdaithe

Cibé cosaint atá ag an gcóras, beidh cleas ag an dalta mar mhalairt air


Nuair a dheineas scrúdú na hArdteistiméireachta (‘níor inniu ná inné sin’ a chloisim de chogar) bhí an oiread chéanna de húrlamáboc is de thupla thapla is de ghlugaidí glug timpeall air is atá inniu.

Sileadh allas ar dhoirse agus slogadh piollaí faoi phóirse ar an gcuma chéanna is a dhéantar inniu, cé nárbh ionann an t-allas sin ná na piollaí úd.

Bhí an ghrian ag taitneamh an samhradh sin, mar a bhíonn gach samhradh le linn biaiste na scrúduithe. Trasna uaim i sraith úd an halla bhí leaid nár mhór é m’aithne air.

Leaid staidéarach ciúin, adéarfá, leaid nach ndeireadh mórán. Bhí in aon rang liom ach duine é a dhein a dhícheall nach dtabharfaí é faoi ndeara.

READ MORE

Níor cheapamar riamh go raibh aon éalang éisteachta air, agus le fírinne, bhí de cháil air go gcloisfeadh sé cleite ag titim ar chlúmh. Chuir sé iontas orainn mar sin nuair a chonaiceamar go raibh áis éisteachta plaisteach ag gobadh as a chluas amach lá na hArdteistiméireachta. A lámh leis ionas nach dtitfeadh amach, ach b’eo leis ag scríobh gan stad.

Is ina dhiaidh sin a fuaireamar amach gur gléas raidió ab ea é chun éisteachta le cara a bhí amuigh ar an tsráid ag soláthar eolais leis as cibé leabhair a bhí aige. Bhí an saol chomh neamhurchóideach ag an am sin nár shíl duine ar bith go ndéanfaí caimiléireacht mar é.

Is dócha, ámh, gur bhain caimiléireacht de shaghas éigin le scrúduithe riamh anall.

Chuireadh sé mearbhall ar mhúinteoirí go mbíodh oiread sin lámha briste ann aimsir scrúdaithe, agus dá réir sin oiread de phlástar Pháras in airde go huillinneacha daltaí.

Bhí de nós riamh ainmneacha chairde a scribleáil ar an bplástar céanna fara ráitis leanúna foirne peile agus amhránaithe, ionas nár dheacair cúpla foirmle matamaitice agus dátaí staire agus noid ar son meabhruithe a bhreacadh ann, ag líonadh isteach na bearnaí, mar adéarfá.

Bhí aithne agam ar dhaoine a ghrean nithe ar phinn luaidhe, a d’fholaigh nótaí i mboscaí céimseatan, a raibh sciar maith mór de stair na hÉireann baidhreoaithe ar aon bhois iata amháin acu.

Bhí siad ann a chuaigh chun an leithris d'fhonn a raibh i bhfolach ann laistiar lasnairde ar shlánchoimeád, agus mhéadaigh go mór ar an gcleachtadh seo tar éis do dhaoine an Godfather a fheiceáil. Is fíor go mbíodh ar fheitheoir an dalta a thionlacan, ach ní théití chomh fada riamh leis an bpribhíbhoth príobháideach sin.

Ach an oiread le córas cosanta míleata ar bith, an túisce agus is dóigh leat go bhfuil tú slán ó roicéid ag titim ort aniar aduaidh nó anall aneas, seo do naimhde chugat agus sás ionsaithe eile acu.

Cogadh síoraí é idir an neach atá ag dul faoi scrúdú agus an duine a bhíonn ag siúl suas síos go maorga idir na sraitheanna sceimhlithe in halla na heagla.

Is é an cleas is fearr, gan amhras, ná go mbeadh an obair déanta, agus an staidéar i gcrích, agus gach comhairle ghaoismhear nach meánn faic slogtha siar agat ó chomhairleoirí, ó mhúinteoirí, ó shíceolaithe síceacha síreolgaiseacha – go ndéanfá do dhícheall, agus nach bhfanfá id shuí ródhéanach, agus go measfá an t-am i gcomhair gach ceiste, go rachfá amach ag siúl, go scríobhfá d’uimhir scrúdaithe go beacht, go léifeá na ceisteanna, go mbeadh do chuid peannaireachta néata, go bhfágfá nóta leathchéad euro istigh i lár an fhreagairleabhair, gan bhriseadh suas led chailín/bhuachaill/bhaiteibheir, gan dul i muinín an chaifé mheánoíche, gan an seomra a fhágáil roimh am, gan mhallacht a ligean, gan iarscrúdúbháis a dhéanamh, gan a cheapadh go bhfuil tú i do ghonnar.

Is cuma! Déanfar gach dícheall teacht timpeall ar an gcóras agus an ceann is fearr a fháil air.

Ceann de na clis is fearr a chuala mé – mionnaím nár bhain mé féin riamh leas as, mise i mbannaí air, lándáiríre, lámh ar mo chroí agus eile! – an mac léinn a gheibheadh páipéar bán scrúdaithe ón bhfeitheoir tamall gan a bheith róghairid roimh dheireadh scrúdaithe lá amháin, á ligean air go raibh a thuilleadh le scríobh.

An páipéar bán sin a chur faoina ionar agus imeacht leis. An oíche sin, a raibh de nótaí is de noid a bhreacadh air a bhí ag teastáil is a thabhairt isteach an lá dar gcionn.

Saoirse aige é a leagadh ar an gclár ar nós aon scríbhinne eile. Ba chuma nó vicipéid é nuair nach raibh aon trácht air a leithéid.

Tá an doras dúnta ar an gcaimiléireacht sin ó shin, faraoir. Ach is deimhin liom, cibé cosaint atá ag an gcóras go mbeidh cleas eile ag an dalta mar mhalairt air.

Is cliste clis an chaimiléara ná córas ar bith!