Caife Una

D'oscail Úna Nic Gabhann caife nua Gaeilge, Caife Úna, i gcroílár Bhaile Átha Cliath Dé Luain

D'oscail Úna Nic Gabhann caife nua Gaeilge, Caife Úna, i gcroílár Bhaile Átha Cliath Dé Luain. Tá an bhialann suite ag bun Shráid Chill Dara in íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, áit a mbíodh Dáil Bia.

Is as Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, Nic Gabhann. Dúirt sí: "Tá spás á chur ar fáil againn inar féidir le daoine bualadh le chéile agus Gaeilge a labhairt más mian leo ... ach beidh fáilte fosta roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu."

Beidh an caife ar oscailt idir 8am agus 6pm ón Luan go hAoine ar dtús. Ach chuirfeadh sí fáilte roimh ghrúpaí an caife a chur in áirithe taobh amuigh de na gnáthuaireanta oscailte.

Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, sheoltaí leabhar, dhinnéir bhliantúla agus ócáidí eile.

READ MORE

Eolas: 01-6706087 nó www.caifeuna.com