Cad leis a raibh tú ag súil leis?

Cumhacht seachas ceart a stiúraíonn cúrsaí an tsaoil rómhinic


Nuair a maraíodh Eric Garner i Nua-Eabhrac mí Iúil seo caite bhí dóchas ag daoine go ndéanfaí an ceart. B’é an ceart, dar leo, ar a laghad go gcúiseofaí an té a dhein an tachtadh.

Nuair a shocraigh ardghiúire an tseachtain seo caite nach ndúiseofaí cás ar leith i gcoinne an té a chas a scrogall phléasc idir léirsithe agus achrann ar shráideanna chathracha ar fuaid na Stát Aontaithe.

Cad leis a rabhthas ag súil?

Is dóigh liom féin gurb é an nath sin, thar nathanna an tsaoil mhóir agus thar ráiteachas na cruinne ceathardha, eochair thuiscint na staire.

READ MORE

Ní bhaineann seo le ceart, ach leis an rud is dócha a tharlóidh má dhéantar seo seachas é siúd eile.

Cuir i gcás go n-iompóidh an Rialtas seo atá againn faoi láthair a gcuid gunnaí ar na deicheanna de mhílte a shiúlóidh ina gcoinne inniu (rud nach dtarlóidh, deirtear liom) cad leis a mbeifeá ag súil, mar iarmhairt?

Nuair a d’ionsaigh Impireacht na Seapáine cabhlach Stát Aontaithe Mheiriceá i bPearl Harbour ar 7ú Nollaig 1941, agus nuair a bhí i leataoibh, cad leis a raibh siad ag súil? Go ndéarfadh Uncail Somhairle: “Och, is trua sin, ach tuigimid daoibh, agus, féach, ná déantar arís é, le bhur dtoil.”

Ní ceart ná éigeart atá sa mheá ach cad leis a bhfuiltear ag súil a tharlóidh. Ná bactar le cad is ‘cogadh cóir’ ann de réir na bprionsabal a leag diagairí síos fadó ar son go bhféadfadh a gcuid tíortha féin slad a dhéanamh; nó ná bactar le suathadh intinnte agus le hiomrascáil mheabhrach timpeall ar chearta daonna nach bhfuil iontu ach puth gaoithe nuair is mian leis na cumhachtaí móra é.

Déantar a ndéantar, mar cad eile leis a mbeifeá ag súil?

Idir seo agus an Nollaig bheag romhainn beifear ag cuimhneamh ar chomóradh 25 bliain de thurgnamh an Chumannachais in oirthear na hEorpa. Fág go raibh a sheal tugtha faoi stiúir na Rúise, ba dheacair don intinn shaorthoileach géilleadh do chóras ar bith a chuirfeadh slabhra ar an meabhair aníos.

As samhlaíocht cham an duine ní féidir bóthar díreach a cheapadh.

Ach, a fhaid ar a ghiorracht scéil, cad eile a rabhthas ag súil leis?

Bhí mé ar thuras timpeall ar Bheirlín anuraidh den chéad uair le tamall, agus níl aon amhras ná gur cathair í a bhfuil bús ann.

Ní Luimneach ná Obar Dheathain í, ná Ulan Bator in éamais an ghrinn.

Bean dheas bhéasach a bhí dár stiúradh, bean de bhunadh iarthar na cathrach sin. Ní nach ionadh, ba bheag a gean ar an taobh thoir den chathair chéanna, agus ní raibh stad ná stop ná staonadh uirthi an méid sin a chur dúinn in iúl. Mar cad eile a dhéanfadh sí? Cad eile a mbeifeá ag súil leis?

De réir mar a chuaigh a cuid spíde in aghaidh oirthear na cathrach agus na gCumannach i ngránnacht agus i mí-mhéine tháinig méadú ar an bhfeirg a bhí faoi smacht ionam féin.

Siúd is nach raibh aon bhá agam leis na dúradáin gan splanc samhlaíochta a rialaigh oirthear na tíre sin, ba bheag mo bhá ach an oiread leis na dúradáin gan samhlú splaince nár thuig cad chuige ar tharla ar tharla dóibh.

Daoine nár thuig cad eile a mbeifeá ag súil leis?

Tar éis di sunc áirithe eile a thabhairt timpeall ar an réim bhia a bhí acu in oirthear na cathrach – a bhí dealraitheach go maith lena raibh á slogadh ag formhór na hEorpa – agus scigmhagadh le straois a scaipeadh, ba dhóbair dom féin pléascadh. Óir cad eile a dhéanfainn, is cad eile a mbeifeá ag coinne leis?

Bhí na focail im bhéal, ach níor tháinig siad amach, maith nár tháinig: “Féach,” arsa mo thaibhse mise, “tusa ansin ag magadh agus ag fonóid faoi na Cumannaigh agus faoi oirthear na Gearmáine.

Ach cad leis a raibh tú ag súil? Go mbeadh siad go deas libh? Go scaipfeadh siad cístí agus bláthanna oraibh?

“An cuimhin leat go raibh sé i gceist agaibh an Rúis ar fad agus na críocha Slavacha uile a ghabháil agus a chur faoi chois, iad go léir léir soir amach go dtí na hUrail féin? An cuimhin leat go bhfuair breis agus cúig mhilliún fichead Sóivéadach bás de dheasca bhur n-ionsaithe? An cuimhin leat go raibh sa phlean go ndéanfaí sclábhaithe de na Slavaigh go síoraí…?

“An cuimhin leat é sin, aon seans? Cad leis a raibh tú ag súil?

"Agus nuair a dhein siad concas oraibh, sibhse na Dobermenschen, na hosdaoine, nuair a léirigh bhur naimhde nár thráilleanna iad, ach daoine níos láidre ná sibh féin, cad leis a raibh sibh ag súil?"

I ndiaidh an drochbhirt, is í an cheist fhealsúnta is domhaine dá bhfuil ann, cad leis a bhfuil tú ag súil?