Céad míle sceimhle

Ní díon ar bith ar an eagla í an fhianaise


Dúirt urlabhraí éigin chúl an dorais de chuid Fhine Gael go raibh siad chun seacht sceimhle an tsléibhe a chur orainn i rith na seachtaine deiridh den fheachtas toghchánaíochta.

Tá sin ar siúl go tiubh, mar is minic a oibríonn. Oibríonn go seoigh mar tá daoine amuigh ansin ar mian leo go gcuirfí sceimhle orthu.

Ná bacaimis lenár gcuid suarachais bhig féin go fóill, ach cuimhnímis ar ISIS nó an Stát Moslamach nó Deis nó pé rud atáthar ag baisteadh orthu inniu.

Tá siad ar cheann de na grúpaí polaitiúla agus míleata is gránna agus is barbartha ar dhroim an domhain faoi láthair, cé nár mharaigh siad baol air an méid céanna daoine bochta is a dhíscigh dreamanna eile – ach ní gá dúinn na corpáin a áireamh anseo.

READ MORE

Bhí an t-eagla agus an t-uamhan mar chuid den lón cogaidh acu, scornacha a ghearradh, cloigne a bhaint, príosúnaigh a bhá, agus cibé uafás eile a ritheann leat a shamhlú.

Cuireann an phoiblíocht seo eagla anama ar phobail ar fud na cruinne, agus sin é an fuadar atá fúithi.

Tá chomh holc sin nuair a thaispeáin ceann de na cláir teilifíse sin sa Bhreatain duine de na Jihadi Johnnies agus é ina gharáiste beag cúng le bratacha dorcha agus bolscaireacht lofa agus léarscáil de chuid an domhain á luascadh aige gur thosnaigh daoine a mbíonn ciall áirithe acu formhór na bliana ag dul as a gcranna cumhachta le scéin is le himeagla.

B’é a bhí sa léarscáil ná tíortha uile na cruinne seo clúdaithe le brat ISIS agus mo dhuine ag maíomh go raibh siad chun gabháltas a dhéanamh ar an domhan ar fad!

Mar is dual dóibh thug seo bia agus deoch agus féasta fastaíme do na ceirteacha tablóideacha. Bíodh eagla ort! Bíodh an-eagla ort!

Tá ISIS ag teacht chun an bhaile seo agatsa…go luath!

Bheifeá ag súil leis sin ó dhaoine a bhfuil ardchéim bainte amach acu sna súile dúnta, ach ba mheasa fós gur chuala lem chluasa féin daoine nach bhfuil col iomlán acu le fianaise ag géilleadh don scanrú céanna.

Is í an cheist ná, cár chualamar a leithéid seo cheana?

Is cuimhin le cuid againn cogadh úd Vítneam agus ceann de na teoiricí a bhí laistiar de: tá meáite ag an gCumannachas concas a dhéanamh ar an saol go léir, agus má thiteann Vítneam don Chumannachas seo, titfidh an Chambóid agus Laos agus an Mhalaeisia, agus Burma, agus an India agus gluaisfidh siar chun na hEorpa, trasna an Atlantaigh mar a bheadh galar tógálach ann ionas gur gairid uainn na Stáit Aontaithe ina tír dhearg.

Is ea, leis. Thugtaí Teoiric an Domanó uirthi, ar nós na ngéanna, nuair a thiteann ceann amháin, titeann siad go léir.

Ar mo shiúlta dom san am casadh fear óg Meiriceánach orm a bhí ar a theicheadh ó phreasáil san Arm, agus b’é port a bhí aige: “Má thagann an Viet Cong i dtír ar an trá in California, beadsa ar an gcéad duine amuigh lem chuid gunnaí chun iad a scrios.”

B’é a dhála sin ag Muhammad Ali é, agus chaill sé a ríchoróin dá bharr.

In ainneoin gur bhuaigh Vítneam an cogadh áirithe sin go rábach, níor chrom na domanónna ar a bheith ag titim. Ní raibh ann ach, ‘cuirtear scanradh ar an bpobal, agus déanfaidh siad rud ar bith!’

Gan amhras, dá mbeadh baol ar bith ann go raibh ISIS chun scuabadh ar fud an domhain b’fhearr dul agus iad a bhuamáil i bhfad níos troime ná mar atá siad á mbuamáil faoi láthair go laethúil.

In ainneoin a gcuid barbarachta agus a gcuid bolscaireachta, áfach, is dícheall dóibh greim a choimeád ar an smut den ghaineamhlach atá acu cheana; agus is dícheall dóibh ruaig na gCurdach ar an bhfearann lom atá acu a stop – agus ní móide gurb iad na Curdaigh an tArm is láidre ar domhan.

Bím féin ag faire amach do loingeas ISIS sa chuan gach maidin nuair a éirím, agus leathaim mo shúile ar an spéir in airde ag grinneadh teacht a n-armada aeir.

Tá cara liom sa tSeapáin, agus cé nach bhfuil ach 0.1 faoin gcéad den phobal ann ag géilleadh d’Ioslám deir sé go dteipeann air codladh go sámh san oíche mar, cá bhfios?

B’fhéidir go maródh an 0.1 faoin gcéad iad ar fad. Agus smaoinigh go bhfuil an stát seo againne deich n-uaire níos measa ná sin, mar is Moslamaigh iad lán 1 faoin gcéad den phobal seo againne.

An rud a théann sa chloigeann is doiligh é a bhaint as go brách. Agus ní díon ar bith ar an eagla í an fhianaise dá doshéanta í.

Ach más duine tú a gcuireann ISIS eagla ort, ba cheart go mbeifeá ag crith agus ag creathadach an tseachtain seo leis an sceimhle a bhfuil sé i gceist ag Fine Gael a chur ort.