Cúrsaí corracha nuachta RTÉ

D'fhéadfadh athrú bheith i ndán fós don chur chuige a bhí aontaithe ag bainistíocht RTÉ RnaG agus Nuacht TG4/ RTÉ maidir leis an atheagar atá le déanamh ag RTÉ ar a sheirbhísí nuachta Gaeilge, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí .

Thug ceannasaí nuachta RTÉ Kevin Bakhurst le fios d’fhoireann RnaG an tseachtain seo caite go gcaithfí na spriocanna a bhí leagtha síos faoin bplean a bhaint amach fós ach go raibh solúbthacht ann maidir le conas a chuirfí an t-atheagar i bhfeidhm.

Is iad na príomhspriocanna atá luaite leis an atheagar ná go ndéanfaí airgead a shábháil, go seachnófaí dúbláil agus go bhforbrófaí seirbhís nuachta Ghaeilge ar líne. Bhí an t-atheagar in ainm is a bheith curtha i gcrích "ina iomláine" faoi Eanáir na bliana seo ach is beag dul chun cinn atá déanta ó cuireadh an plean faoi bhráid foirne RnaG agus Nuacht RTÉ/TG4 i mí Lúnasa na bliana seo caite.

Is iad foireann RnaG is mó a bhfuil imní léirithe acu faoi phlean RTÉ go dtí seo. I ráiteas a d’eisigh ceardchumann an NUJ thar ceann fhoireann RnaG nuair a cuireadh an plean faoina mbráid i mí Lúnasa dúradh “gur masla agus ísliú céime don tseirbhís” a bhí ann.

READ MORE

Dúradh sa ráiteas céanna gur “bocht an scéal” é gur tugadh an próiseas chomh fada sin chun cinn gan dul i gcomhairle leis an bhfoireann.

Bhí imní ar bhaill foirne in RnaG faoi ghnéithe éagsúla den phlean ag áireamh, mar shampla, an moladh go mbeadh Nuacht TG4 ag soláthar na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta i nGaeilge don dá sheirbhís.

Cuirfear tús go gairid le sraith cruinnithe idir ionadaithe cheardchumainn ó RnaG agus Nuacht TG4 agus lucht bainistíochta ón dá sheirbhís.

Bhí ceannasaí nuachta RTÉ Kevin Bakhurst ar cuairt ar cheannáras RTÉ RnaG i gCasla i gConamara an tseachtain seo caite; rinne foireann an raidió cur i láthair dó faoi ról RnaG.