Bulaíocht agus balaclávaí

Rófhada atá an tIarthar ag cur a ladair sa Chrimé

Charge of the Light Brigade. grianghraf: getty images

Charge of the Light Brigade. grianghraf: getty images

Wed, Mar 12, 2014, 01:10

Is dóigh liom gurb í an chéad uair a chuala mé pioc faoin gCrimé ná sa bhailéad magaidh sin The Kerry Recruit .

Ní tagairt í sin d’aon amhais a mheall Rúnaí Cogaidh John Kerry na Stát Aontaithe dul chun troda i dtír éigin i bhfad i gcéin, ach ceann de na hamhráin Bhéarla sin a cumadh san 19ú haois timpeall ar fhir óga Éireannacha a chuaigh isteach in arm na Breataine.

Is gnáth gur aoir a bhíodh i gceist, nó ar a laghad aitheantas go raibh bob buailte ar an duine baoth a ghlac le scilling an tsléachta.

D’áireoinn When going the road to sweet Athy , agus Arthur McBride , agus Mrs McGrath the soldier said ar an gcuid is táscúla díobh sin, bíodh go bhfuil scéal i bhfad níos iomláine ins an Kerry Recruit .

Tharla a leithéid do na mílte Éireannach óg nuair a scaoileadh isteach in arm na Breataine iad ag deireadh an 18ú haois chun fodar gunna a sholáthar – an t-airgead, an éide, an traeneáil, an taisteal, an t-aicsean agus an iarmhairt.

I gcás an Chiarraígh dhallaithe sheol sé leis: “And in Balaclava we landed quite sound/ cold wet and hungry we lay on the ground/ next morning for action the bugles did call/ and we had a hot breakfast of powder and ball.”

Ní raibh Waltzing Matilda Suvla Bay cumtha faoin am, dá bhrí sin, mhaithfí dó é a bheith gan eolas ar a raibh le tarlú: “We fought at the Alma, likewise Inkerman/But the Russians they whipped us at the Redan/ When scaling the walls, meself lost an eye/And a big Russian bullet ran away with me thigh.”

Is de shuimiúlacht nach bhfaighimid aon mholadh sna bailéid seo ar na cogaí a raibh siad páirteach iontu, ná maíomh ar na ciníocha lasmuigh den dlí ar ar déanadh smísteadh agus slad.

Is cosúil go raibh coinsias fann éigin ag an saighdiúir glas san éide dhearg i bhfad sular thosnaigh féasta fola mór 1914.

Baineann an Kerry Recruit leis an bhfeachtas a bhí ag an mBreatain in aghaidh na Rúise sa Chrimé 1853-6. Is deacair a rá gur cogadh ba ea é sin i gcoinne na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta, ná ar son an daonlathais, ná go deimhin, ar son na Críostaíochta féin.

Tar éis mórán tochais chinn, is deacra anois a rá cad ar a shon an cogadh sin ach an oiread le mórán cogaí eile ón aimsir chaite.

Cumhacht an freagra is simplí, agus buaileam sciath, agus gothaí macho na n-aicmí ceannais, mar a bhíonn nuair nach bhfuil gadaíocht agus gabháil acmhainní go lom i gceist.

Chuimhníos ar an amhrán nuair a ghairm Eamon Gilmore ambasadóir na Rúise isteach chun íde béil a thabhairt dó ar son an Aontais Eorpaigh; gan amhras, ní smaoineodh tír ar bith san aontas ar ionradh mídhleathach a dhéanamh ar áit ar bith.

Trasna an chuain, mar is dual, bhí na drumaí agus na meirgí amuigh cheana ag an gCamshrónach agus ag an Háigín, agus ba dhóigh leat orthu go raibh an cabhlach le gluaiseacht lá ar bith feasta.

Má fuair aon duine de lán na beirte acu scolaíocht, tá seans gur ghluais dán Tennyson The Charge of the Light Brigade trasna ar chlár a n-inchinne uair éigin: “Stormed at with shot and shell/Boldly they rode and well/Into the jaws of Death/Into the mouth of Hell/ Rode the six hundred.”

Is róbhaol, áfach, go n-aontódh, ní amháin rialtas na banríona, ach Poitín an Khremlín agus a bhriogáid throm féin, agus pé geaing i bheidh i gceannas in Kiev an tseachtain seo chugainn leis an gcuid is scanrúla den dán sin: “Their’s not to make reply/ Their’s not to reason why/ Theirs’s but to do and die.”

Nó tá an chuma air go bhfuil go leor ansiúd breá ullamh dul thar imeall na faille; agus bheadh botún inniu i bhfad níos measa ná pé tuaiplis amaideach a dhein an Tiarna Randal ar an lá mí-ámharach sin i nDeireadh an Fhómhair 1854.

Níor shíl na Rúisigh, gan amhras, gur bhotún a bhí ann, ach cheap siad go raibh na Sasanaigh ar fad ar meisce.

Cheap tiarnaí na hÚcráine go raibh Nikita Kruschev ar fad ar meisce nuair a bhronn sé an Chrimé ar an Úcráin 100 bliain cruinn díreach ina dhiaidh sin.

Sampla é, arís eile, de cheannaire cumhachtach ag tarrraingt línte ar léarscáileanna gan chiall gan chuibheas a bhfuil taithí ró-olc againn air.

Dhá cheacht: ná tarraingítear línte baotha ar léarscáil; agus fantar amach as an gCrimé!

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.