Bua hú!

CROBHINGNE: NUAIR A troideadh cogadh cathardha na Spáinne ní fhéadfaí a rá gur chogadh na gcarad a bhí ann

CROBHINGNE:NUAIR A troideadh cogadh cathardha na Spáinne ní fhéadfaí a rá gur chogadh na gcarad a bhí ann. Troid na mba mbeag maol a bhí againne, fág Baile an tSíoda agus 77 príosúnach as an áireamh, suas is anuas leis an gcoinbhleacht úd a scoilt an Eoraip ina dhá leath.

Aighneas aicme agus cultúir a bhí ann mar a bhíonn in aon chogadh nuair nach troid go bás idir náisiúin atá sa treis.

Chruinnigh an uasaicme fhaisisteach le chéile ar leith amháin, cumhachtaí na bunaíochta seantraidisiúnta agus a gcamthaí mórmhaoine, agus ar an leith eile déanadh comhghuaillíocht idir stráicí éagsúla na n-íosaicmí, comhghuaillíocht bhocht shilte nár chloígh le chéile. Ach ba chogadh cultúir chomh maith céanna a bhí ann, bíodh is nach dtuigeann aon duine go beacht cad is brí leis sin.

Tá daoine ann a dtagann an galar creathánach orthu agus iad ag dul thar shéipéal Caitliceach in ainneoin nár bhlais siad den leathar riamh; agus daoine eile fós a bhfásann ribí guaireacha an Pháirtí Dhaonlathaigh orthu má luaitear “cothromaíocht” nó “cearta daonna” nó focail shimplí mar iad i gcomhrá leathshibhialta. Is deacra léamh ar na cogaí cultúir ná ar na cogaí aicme mar is cogaí iad go minic a ghabhann siar go dtí an cliabhán, nó go dtí an mbroinn, nó siar go dtí pé síol a síltear.

READ MORE

Is minic go mbaineann an taobh ar a mbíonn tú le cén sort duine is tú. Baineann le litríocht, le healaín, le polaitíocht, le scannáin, le polasaí sóisialta, le peil.

Más duine leamh tú taitneoidh dúrscéalta Jane Austin leat, bean nár scríobh abairt riamh gan cháim ach nach raibh péac d’aon sórt in oiread is ceann amháin díobh.

Má tá samhlaíocht agat, tuigfidh tú do na pictiúir is ósréalaí de chuid Salvador Dali, fág a chroiméal as an áireamh. Mura bhfuil agat ach meabhair mhíola bige, is ort a thiocfaidh an gealgháire nuair a nochtann sópopera ar an teilifís, mar dhea, gurb é saol na coitiantachta é.

Ní heol d’aon duine beo cad ina thaobh go dtugann páistí scoile na tíre dílseacht d’fhoirne Sasanacha seachas a chéile. I scoileanna na críche chífidh tú uait garsúin agus gearrchaillí a bhfuil léinte Learphoill nó ManU nó Aston Villa nó Chelsea á gcaitheamh acu, fág nach raibh siad riamh in aon bhall díobh agus nach bhféadfadh siad a méar a leagadh orthu ar léarscáil dá mbeadh an obair bhaile ag brath air. Tharlódh gur deartháir leo faoi ndear an dílseacht, gan amhras, nó spleáchadh teilifíse, nó geansaí a ceannaíodh dóibh, nó cárta a fuarthas in iris caide, nó laoch mór na huaire, ach fós is ceann de mhistéirí an tsaoil é.

Ní taise do Chorn an Domhain é. Níl aon chúis réasúnta go dtabharfaí dílseacht cois teallaigh nó cois teilifíse d’fhoirinn seachas a chéile, i leataoibh ó stair na samhlaíochta agat féin.

Ceart go leor, b’fhé go bhfaca tú an iomad scannán domhanchogaidh ina raibh Naitsithe ag glaoch go fiata ionas nach bhféadfá a aithint gur foireann Ghearmánach eile ar fad í seo le mí anuas.

Seans go bhfuil tú críonna go leor le gur cuimhin leat bua Shasana tar éis dúnmharú John F. Kennedy agus roimh Yellow Submarinena mBeatles agus go bhfuil an bhuabhallóireacht fós ag bodhradh do chuid cluas. Thiocfadh gur bhain tú súp as lámh Dé Mharadona, súp nár bhain tú as méar Phaul Galvin, mar shampla.

B’fhéidir gur léigh tú an iomad de Sartre agus de Foucault agus go gceapann tú fós gur foireann peile iad an Fhrainc seachas constráil fealsúnachta.

Ach is minicí ná a chéile go leanann aficionados na peile an dream is ealaíonta caide dar leo féin, is é sin, dar lena samhlaíocht féin. Leantaí an Bhrasaíl mar go músclaítí na taibhrithe b’aoibhne ar thrá Copacobana, agus d’imrídís dá réir.

Bhaineadh an Iodáil leis an Róimh agus le fórsaí an Phápa, agus throididís dá réir. Chonaic mórán daoine Evitaagus cheap siad go raibh baint éigin aige leis an Airgintín, agus chomhraictí dá réir.

Cogadh idir dhá chultúr ba ea cluiche ceannais Chorn an Domhain, cogadh idir dhá shamhlaíocht. An Spáinn go stíliúil ealaíonta oscailte seansúil bríomhar picassoúil lorcanach versus An Ísiltír go garbh neamhscrupallach piúratánach cáisiúil méar-sa-díogach vermíriúil.

Athimirt, fág an fhuil as an áireamh, ar chogadh cathardha na Spáinne ba ea an cluiche, athimirt idir foirne samhlaíochta na hEorpa.

Sa chás áirithe seo, murab ionann agus an uair cheana, bhí an bua ag an taobh ceart. Agus fairis sin, bhí i bhfad róghar don 12ú d’Iúil le go mbeadh an Oranje in uachtar arís.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar