Bua cumarsaide

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradaim chumarsáide oíche Aoine i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradaim chumarsáide oíche Aoine i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall. Ba é Tomás Ó Mainnín, Nuacht TG4, a ainmníodh mar Iriseoir na Bliana de bharr a chuid tuairisceoireachta as an Téalainn i ndiaidh an tsunami. Mike Shaughnessy a bhain Grianghraf na Bliana as a shaothar ar Foinse.

Bronnadh Clár Raidió na Bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as Lá an Chomhairimh agus thug an stáisiún an dara duais leo i ndiaidh gur ainmníodh Áine Ní Chuirreáin ina Pearsa Raidió na Bliana.

Thug TG4 an chraobh leo ceithre huaire. Bhain siad Clár Teilifíse na Bliana le Cinegael Paradisso, clár faoi shaothar an fhear scannáin, Bob Quinn; agus ba é Brian Tyers, tráchtaire spóirt, a ainmníodh mar Phearsa Teilifíse na Bliana.

Fuair Aodh Ó Duibheannaigh aitheantas mar Aisteoir na Bliana as a chuid oibre ar FFC agus Diarmaid Mac an Adhaistir a bhain Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais as a chuid aisteoireachta ar Ros na Rún.