Borradh faoi chuimhní cinn as lár an ghleanna

Cuimhní ó dhomhan nach ann dó níos mó


Le blianta beaga anuas, tá borradh as cuimse tagtha faoi réimse na gcuimhní cinn agus beathaisnéisí atá ar díol sna siopaí leabhar.

Scriosadh agus cailleadh gnéithe fairsinge dár stair shóisialta le himeacht ama agus, tubaiste ar mhuin tubaiste, bhí an t-athrú teanga a thit amach ar fud na tíre mar chuid lárnach de sin.

Cé go n-áirítear fadhbanna tromchúiseacha leis an traidisiún béil mar fhoinse staire, is minic nach bhfuil fágtha againn ach é; is fíor sin go háirithe fúinne Gaeil de dheasca stair phionósach agus (go deimhin) fhoréigneach ár muintire.

Is fearr go deireanach ná go brách deir siad, ach tá sé níos tábhachtaí ná riamh go ndéanfaí iniúchadh ar thaifead staire na Gaeilge, go háirithe mar a bhaineann sé le stair shóisialta na hÉireann.

READ MORE

Sin cúis mhór le fáilte a chur roimh leabhar nua dar dteideal An Gleann/The Glen: Recollections from a Lost World (Arlen House), leabhar atá mé féin tar éis a aistriú ó Ghaeilge go Béarla.

Tá idir stair shóisialta agus dírbheathaisnéis cuimsithe sa leabhar seo, é scríofa i nGaeilge an chéad lá riamh ag Séamus Ó Maolchatha (1884-1968) a d’fhás aníos ar an teorainn idir Tiobraid Árann agus Port Láirge, i limistéar sléibhtiúil Chnoc Mhaoldomhnaigh, ceantar a bhí fós iargúlta go maith go dtí na 1950í, ionas gur mhair an Ghaeilge mar theanga labhartha ann.

Ba chainteoirí Gaeilge iad tuismitheoirí Uí Mhaolchatha arbh as an gCaisleán Nua i dTiobraid Árann Theas iad ó thús. Mar seo a bhí an teaghlach áirithe de réir Dhaonáireamh na bliana 1901; oibrí feirme ab ea a athair Thomas Mulcahy agus Margaret Burke ba mháthair dó. Bhí cúigear clainne acu, Séamas ina measc.

Cé gur scríobh Ó Maolchatha An Gleann ar dtús i 1934, níor foilsíodh é go dtí beagnach 30 bliain ina dhiaidh sin (sa bhliain 1963), cúpla bliain roimh bhás dó; fiú ansin, fágadh cúpla caibidil as an lámhscríbhinn bhunaidh ar lár, caibidil atá aistrithe agus foilsithe anois den chéad uair sa leagan Béarla nua seo.

Phléigh Ó Maolchatha ábhair gheise a dhóthain ina lámhscríbhinn lena n-áirítear an féinmharú, an galar meabhrach, agus an tsaint dhomhúchta a bhí ag daoine áirithe i leith na talún.

Anuas air sin, chíor sé gnéithe de stair na hÉireann nach raibh daoine ag iarraidh a lua san am sin, dúnmharfóirí pá a bhí ann le linn ré an Ghorta Mhóir, coirpigh a bhí sásta daoine eile a mharú ionas go nglacfadh daoine eile a gcuid talún chucu féin.

D’inis Ó Maolchatha neart scéalta cráite sa leabhar seo ach bhí tuiscint mhaith don ghreann aige freisin. Na caithimh aimsire, na scéalta agus na cluichí grinn ar chaith na daoine a gcuid ama leo san aois roimh theacht na teilifíse; nuair a bhíodar suimiúil greannmhar, shamhlófá iad le domhan coimhthíoch éigin i bhfad i gcéin, domhan a bhí an-neamhurchóideach ar mhórán slite ionas go samhlófá nárbh ann dá leithéid riamh. Ach b’ann dó cinnte!

Tóg an eachtra gearr seo ar an gcluiche ar tugadh “An Choirceog Beach” air: “Maitiú Liam was put sitting in a chair in the middle of the floor where he was ‘King of the Bees.’ He removed his hat; Maitiú was as bald as a coot and this is probably the reason he was chosen as “king”. The other lads (i.e the ‘bees’) all walked in a circle around him, their mouths closed – as they hummed in unison – uhhhm, uhhhm etc. as if imitating bees...”

Díol spéise iad an cur síos éagsúil a rinne Ó Maolchatha ar na daoine sin a mba nós leo a bheith ag fánaíocht ó áit go háit, fiú sna 1950í agus a mba iarsmaí an tseanchultúir Ghaelaigh iad i ndáiríre, iad siúd gan dídean a rinne píosa spailpíneachta ó am go chéile, a lorg déirce agus a fuair lóistín leis na daoine áitiúla agus sna sciobóil suas go dtí déanach go maith sna 1950í.

Líon beag de na daoine ar thug Ó Maolchatha léargas meallacach dúinn orthu, bhí idir mháchail choirp is fadhbanna intinne ag cur as dóibh; cuid acu, ag aithris filíochta nó ag déanamh grinn is ag spalpadh “dea-chainte” a bhíodar. B’iad an dream deiridh ar éirigh leo cultúr an institiúidithe a sheachaint, cultúr a chuaigh i dtreise de réir mar a lean an 20ú haois ar aghaidh.

An Gleann/The Glen: Recollections from a Lost World by Séamas Ó Maolchatha (2014) foilsithe ag Arlen House, aistrithe go Béarla ag Mícheál Ó hAodha agus á dháileadh sna Stáit Aontaithe ag Syracuse University Press.