'Bliain dhúshlánach' roimh Údarás na Gaeltachta

TUARASCÁIL: BEIDH “BLIAIN dhúshlánach” roimh Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a chothú agus a chruthú i mbliana, a dúirt Pádraig…

TUARASCÁIL: BEIDH “BLIAIN dhúshlánach” roimh Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a chothú agus a chruthú i mbliana, a dúirt Pádraig Ó hAoláin, príomhfheidhmeannach an eagrais. Bhí sé ag caint arú inné agus é ag cur Athbhreithniú 2008 ar obair an Údaráis i láthair an phobail i nGaillimh.

Bhí “an aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta ... Bhí roinnt comhlachtaí Gaeltachta a bhí ag trádáil i margaí Steirling agus Dollar faoi bhrú ag deireadh na bliana mar bhí a gcuid brabús ídithe de thoradh na rátaí malairte.

“Tá an cúngú creidmheasa chomh maith ag cur brú ar chomhlachtaí agus leanfaidh an tÚdarás, laistigh de na treoirlínte um chúnamh stáit, ag obair leis na comhlachtaí seo chun caillteanas post a mhaolú in 2009.”

Dúirt sé go dtabharfadh 2009 “dúshlán ollmhór” don eagras a gcuid spriocanna forbartha agus fostaíochta a bhaint amach. Bhí laghdú ar bhuiséad an Údaráis ón Státchiste – beidh siad ag fáil maoiniú iomlán ón Státchiste de €38m i mbliana i gcomparáid leis an €43m a fuair siad anuraidh – agus bhí an aeráid eacnamaíochta ag dul chun donais.

READ MORE

Dúirt Ó hAoláin go mbeadh líon na bpost a cheadófaí sa chéad leath de 2009 íseal. Bhí rún ag an eagras an fhostaíocht a bhí ann a choinneáil slán agus a n-acmhainn a choigilt don dara leath den bhliain, tréimhse a bhí “tuartha bheith níos deacra”.

Leanfadh an t-eagras “go fuinniúil le straitéis forbartha agus caomhnaithe fostaíochta”. Chuirfeadh siad tacaíocht ar fáil do “chomhlachtaí chun a gcumas iomaíochta a fheabhsú, go háirithe comhlachtaí a bheidh faoi bhrú ollmhór”.

Thug sé le fios gur éirigh leis an Údarás 1,269 post nua a chruthú le linn 2008; go raibh 1,024 post nua ceadaithe le hinfheistíocht iomlán de €100m; go raibh forbairt ar na hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha agus go raibh borradh faoin fhostaíocht i bhfiontair dhúchasacha.

Bhí 8,193 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha.

“San iomlán, is údar dóchais é go bhfuil srian ar chaillteanas post agus go bhfuil ár gcuid spriocanna fostaíochta á mbaint amach againn ainneoin an t-athrú san aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda,” a dúirt sé.