Bille gan bhuille

Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas, 2002) - nó An Bille Teanga mar is fearr eolas air - easnamhach de réir aighneachta…

Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas, 2002) - nó An Bille Teanga mar is fearr eolas air - easnamhach de réir aighneachta a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite.

"Ní bhronntar aon chearta ar shaoránaigh de thoradh an méid atá sa Bhille," an breithiúnas a thugtar.

Tugtar le fios go dtiocfadh leis an Bhille céim síos a thabhairt do chearta teanga de bharr teidil mhí-oiriúnaigh bheith air. Is é atá ann, a scríobhtar, "stádas teoranta a thabhairt don Ghaeilge i raon áirithe comhthéacsanna i sochaí na hÉireann. Déantar soláthar sa Bhille cearta teoranta a chothú in ionad na gceart neamháirithe pearsanta atá ag daoine cheana féin faoi Bhunreacht na hÉireann."

Tá alt amháin sa Bhille "i neamhréir leis an mBunreacht" agus alt eile róchúng ina shainmhíniú ar imeachtaí cúirte.

READ MORE

Ní luaitear an Ghaeltacht sa reachtaíocht agus is easnamh an-mhór é sin, de réir na haighneachta: "Éilíonn an Bille freastal ar leith maidir le soláthar seribhísí poiblí agus ba chóir go n-aithneofaí sin ... "